Deis eisceachtúil foghlaim ó iriseoirí aitheanta na tíre

Jan 25 2021 Posted: 15:31 GMT

Iriseoirí an lae amárach - cúrsa seachtaine in iriseoireacht do scoláirí Idirbhliana a reachtáil ag OÉ Gaillimh

Beidh deis ag scoláirí Idirbhliana tabhairt faoi chúrsa nua iriseoireachta ar líne á mhúineadh ag cuid de phlúr na n-iriseoirí teilifíse, raidió agus digití.

Reachtálfaidh OÉ Gaillimh agus Nuacht RTÉ agus TG4 an cúrsa, Iriseoirí an lae amárach le comhairle ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus ón Roinn Oideachais.

Tá an cúrsa dírithe ar scoláirí in Iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge ar fud na tíre agus beidh sé ar siúl ar an ardán Zoom idir 1-4 Márta 2021.

Cuirfidh foireann ó chúrsaí meán agus cumarsáide OÉ Gaillimh agus iriseoirí RTÉ a chraolann ar TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus a sholáthraíonn ábhar d’árdáin digiteacha an cúrsa i láthair ar líne. 

Roinnfidh an t-iriseoir físe agus fear déanta scannán, Seán Mac an tSíthigh a chuid scileanna agus a chuid taithí de bheith ag soláthar scéalta físe d’ardchaighdeán do TG4 agus RTÉ.  Tabharfaidh Gormfhlaith Ní Thuairisg cuntas ar na ceisteanna crua a chuireann sí ar dhaoine gach lá ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Glacfaidh na láithreoirí nuachta Eimear Ní Chonaola agus Siún Nic Gearailt páirt sna ranganna ag tabhairt léargais ar an saol laethúil sna meáin.  Clúdóidh Siún Ní Dhuinn ó RTÉ Digiteach/Gaeilge.ie na dúshláin a bhaineann le scéalta a sholáthar d’ardáin ar líne.

Tabharfaidh an cúrsa léargas freisin ar ghairmeacha sna meáin agus ar scéalta spóirt a chlúdach do phobal na hÉireann, dream a bhfuil spéis mhór acu ina leithéid.

Dúirt an tOllamh Brenadán Mac Suibhne, Stiúrthóir Léinn, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh: “Tá gnóthaí nuachta – gnóthaí bréag-nuachta, san áireamh – ina n-ábhar conspóide le cúpla bliain anuas, agus aird níos mó anois ag daoine ar fud an domhain ar thábhacht na hiriseoireachta i sochaí dhaonlathach ar bith.  Cosán atá sa chúrsa, Iriseoirí an lae amárach ón scoil go dtí an ollscoil.  Deis atá ann léargas ar leith a fháil ar shaol na hiriseoireachta go bhfeice scoláirí Idirbhliana an bhfuil siad ag iarraidh oibriú sa réimse sin nó nach bhfuil.  Agus is deis fosta atá ann eolas níos mó a fháil fá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus saol na mac léinn cois Coiribe.”

Dúirt Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont: “Tá an iriseoireacht Ghaeilge mar bhunchloch lárnach do sheirbhís TG4 agus cuireann muid fáilte roimh an gcomhoibriú seo le OÉ Gaillimh chun iriseoirí an lae amárach a spreagadh”

Agus í ag fáiltiú roimh sheoladh an chúrsa, Iriseoirí an lae amárach, dúirt príomhfheidhmheannach COGG, Muireann Ní Mhóráin, ‘Cuirfidh an cúrsa nua seo gairm na hiriseoireachta faoi bhráid scoláirí na n-iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus cuirfidh sé ar an eolas iad faoi thábhacht iriseoireacht ar ardchaighdeán agus na deiseanna atá sna meáin d’iriseoirí le Gaeilge.’

Dúirt Stiúrthóir Cláir an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin), OÉ Gaillimh, Aodh Ó Coileáin: “Is minic a thug an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine ‘gadhar faire an phobail’ ar ról tábhachtach na hiriseoireachta.  Go deimhin, bronnann an Chúirt cosaint ar leith don phreas mar go bfhuil feidhmiú an daonlathais ag brath ar shaoirse an phreasa.  Anois, níos mó ná riamh tá iriseoireacht chruinn, chothrom, neamhchlaonta de dhíth ar phobal na hÉireann.”

“Tá súil ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Nuacht RTÉ agus TG4 agus an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta go dtabharfaidh an cúrsa nua léargas do scoláirí Idirbhliana ar ról  agus ar obair na meán agus go mb’fhéidir go spreagfaidh sé cuid acu tabhairt faoi ghairmeacha sna meáin amach anseo.  Tá an fhírinne tábhachtach in aon phobal” a dúirt Ó Coileáin

Clárú don chúrsa agus breis eolais: Le clárú ba cheart do scoileanna teagmháil le peadar@cogg.ie le léirithe spéise agus nasc clárúcháin a fháil.

Is í an Chéadaoin 10 Feabhra an spriocdháta do léirithe spéise ó scoileanna. Is í an Luan 22 Feabhra an spriocdháta le clárú.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories