Lá Domhanda na dTeifeach le ceiliúradh ag OÉ Gaillimh

Jun 17 2021 Posted: 07:39 IST

Beidh OÉ Gaillimh ag tairiscint 12 scoláireacht don bhliain acadúil 2021/22 d’Iarratasóirí Cosanta Idirnáisiúnta, teifigh, grúpaí inimirceacha leochaileacha agus Taistealaithe na hÉireann. 

Beifear ag glacadh le hiarratais ar scoiláireacht Dé Luain, an 28 Meitheamh ag 9am, agus is féidir eolas a fháíl ag www.nuigalway.ie/sanctuary/scholarships 

Tá an fógra á dhéanamh mar chuid de thionscnaimh OÉ Gaillimh mar Ollscoil Tearmainn chun Lá Domhanda na dTeifeach a cheiliúradh Dé Domhnaigh, an 20 Meitheamh 2021.  

Beidh Cearnóg na hOllscoile soilsithe gorm, dath na Náisiún Aontaithe, thar an deireadh seachtaine chun tacú leo siúd atá ag lorg cosaint idirnáisiúnta ar fud an domhain.  

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Ag croílár luachanna OÉ Gaillimh tá meas agus oscailteacht, agus tá an Ollscoil bródúil as a bheith in ann tacú le mic léinn trí chlár scoláireachta na hOllscoile Tearmainn.   

“Tá ról na hOllscoile ar mhaithe le leas an phobail le feiceáil i ngnéithe éagsúla dár gcuid oibre: tá brí ar leith leis nuair a chuirtear deiseanna ar fáil do chuid den dream is leochailí sa tsochaí agus do dhaoine atá ag iarraidh barr feabhais a bhaint amach.”  

Tá OÉ Gaillimh ag tacú le himeachtaí eile chun Lá Domhanda na dTeifeach a cheiliúradh agus ba mhaith linn an pobal a ghríosadh le páirt a ghlacadh ann.  

:: Dé Sathairn, 19 Meitheamh 2021, 11am: Beidh ‘siúlóid ghairdín’ spraíúil timpeall ar Ghairdín Pobail an Taoibh Thiar mar chuid de Walk the Talk Galway agus an tionscadal BRIDGE. Cláraigh trí ríomhphost a sheoladh chuig walkthetalkgalway@gmail.com nó suzanne@gcp.ie   

:: Dé Domhnaigh, 20 Meitheamh 2021, 2pm: Reáchtálfaidh tionscnamh Ollscoil Tearmainn OÉ Gaillimh, Gluaiseacht Thaistealaither na Gaillimhe, Taiscéalaithe na gCeall dhá cheardlann Zoom “Fantastic DNA at Home” as a saotharlanna san Ollscoil agus beidh daoine in ann a gcuid turgnaimh féin a dhéanamh sa bhaile, ag taispeáint gur féidir le duine ar bith a bheith ina (h)eolaí. Cláraigh trí ríomhphost chuig uni.sanctuary@nuigalway.ie  

Cuirfidh Acadamh Óige OÉ Gaillimh roinnt áiteanna soar in aisce ar fail ar a gcampaí samhraidh I mí Iúil d’iarratasóirí cosanta idirnáisiúnta, teifigh, grúpaí inimirceacha leochaileacha agus Taistealaithe na hÉireann chun Lá Domhanda na dTeifeach a cheiliúradh. Beidh na campaí samhraigh ar siúl ón 12-16 Iúil, agus 19-23 Iúil. Chun áit a chur in áírithe ar na campaí samhraidh, no chun tuilleadh eolais a fháíl, seol ríomhphost chuig youthacademy@nuigalway.ie 

Críoch  

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories