Dr Máire Geoghegan-Quinn appointed chairperson of NUI Galway’s Údarás na hOllscoile

Dr Máire Geogheghan-Quinn at European Parliament in 2010. Credit Europarl.
Mar 03 2021 Posted: 13:27 GMT

NUI Galway has announced the appointment of Dr Máire Geoghegan-Quinn as chairperson of Údarás na hOllscoile, the University’s Governing Authority.
Dr Geoghegan-Quinn, a former government minister and European Commissioner for Research, Innovation and Science, was unanimously selected at the first formal meeting of the new Údarás on Thursday 25th February 2021.
Professor Ciarán Ó hÓgartaigh, President of NUI Galway, said: “It is a privilege for NUI Galway to have someone of Dr Máire Geoghegan-Quinn’s calibre as chairperson of Údarás na hOllscoile. She has all the attributes for excellence as chairperson of Údarás and I am delighted that she has agreed to accept this role for our university, our students and our staff.
“Dr Geoghegan-Quinn’s wealth of experience and knowledge nationally and internationally, in public policy and reform, in research and in diversity, will be a huge asset as we set out to implement our strategic plan Shared Vision, Shaped by Values, which she helped develop, and as we ensure good governance of our University and strive to deepen existing connections and build new relationships.”
Dr Geoghegan-Quinn’s term as chairperson runs for four years from March 1st 2021 until 2025.
She said: "The honour in this appointment is obvious. So is the scale of the task. The pandemic has accelerated the urgency to create a new kind of University that accommodates distance while creating a community of scholarship, creativity and ambition, that combines respect with openness to new and different thinking, that sees diversity as a strength and as a never-ending project."
Ends

 

An Dr Máire Geoghegan-Quinn ceaptha mar chathaoirleach ar Údarás na hOllscoile, OÉ Gaillimh

D’fhógair OÉ Gaillimh go bhfuil an Dr Máire Geoghegan-Quinn ceaptha mar chathaoirleach ar Údarás na hOllscoile.

Roghnaíodh an Dr Geoghegan-Quinn, iar-aire rialtais agus Coimisinéir Eorpach um Thaighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht, d’aon toil ag an gcéad chruinniú foirmiúil den Údarás nua Déardaoin, an 25 Feabhra 2021.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán OÉ Gaillimh: “Is pribhléid é d’OÉ Gaillimh duine de mhianach an Dr Máire Geoghegan-Quinn a bheith mar chathaoirleach ar Údarás na hOllscoile. 

“Is iontach an acmhainn dúinn taithí agus saineolas an Dr Geoghegan-Quinn maidir le, mar shampla, leasú polasaí phoiblí, le tacú le taighde agus le cur chuige na hilchineáltachta agus muid ag iarraidh ár bplean straitéiseach Fís i gCoiteann, Múnlaithe ag Luachanna, ar chabhraigh sí lena fhorbairt, a chur i bhfeidhm. Beimid in ann a chinntiú go mbeidh bainistíocht na hOllscoile á stiúradh agus déanaimid ár ndícheall na naisc atá ann cheana a dhoimhniú agus caidrimh nua a thógáil.”

Mairfidh téarma an Dr Geoghegan-Quinn mar chathaoirleach ar feadh ceithre bliana ón 1 Márta 2021 go dtí 2025.

Bhí an méid seo a leanas le rá aici: “Is léir gur onóir an ceapachán seo. Is léir freisin gur tasc ollmhór a bheidh ann. Chuir an phaindéim dlús leis an ngá atá le hOllscoil de chineál nua a chruthú a fhreastalaíonn ar achar agus san am céanna a chruthaíonn pobal léinn, cruthaitheachta agus uaillmhéine, a thugann meas agus oscailteacht le chéile do smaointeoireacht nua agus dhifriúil, a fheiceann éagsúlacht mar láidreacht agus mar thogra gan chríoch gan deireadh.”

Críoch

Marketing and Communications

PreviousNext

Featured Stories