Is é Ionad Cultúrtha Ilchuspóireach croílár Cheantar Nuálaíochta agus Cruthaitheachta OÉ Gaillimh

Léargas ealaíontóra ar cheantar an Tuaiscirt den Cheantar Nuálaíochta agus Cruthaitheachta i nGaillimh. Grianghraf: OÉ Gaillimh
Mar 18 2021 Posted: 10:33 GMT

Chuir OÉ Gaillimh agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh fhógra an Rialtais inniu maidir le maoiniú €4.3 milliún don Cheantar Nuálaíochta agus Cruthaitheachta i nGaillimh.

Tá forbairt Oileán Altanach agus Oileán an Iarla mar lárionad de Cheantar Nuálaíochta agus Cruthaitheachta ina croílár de phlean na Gaillimhe chun na hacmhainní go léir atá ag Gaillimh a nascadh le chéile.

Is éard a bheas sa Cheantar Nuálaíochta agus Cruthaitheachta ná campas cois abhann mar chuid d’athghiniúint uirbeach chathair na Gaillimhe mar aon le spás mór cultúrtha agus taibhithe, agus aithneofar ról na hOllscoile mar institiúid chultúrtha náisiúnta agus an cion atá déanta aici ar son na Gaillimhe mar Phríomhchathair Cultúir.

Sa phlean claochlaitheach seo freisin tá an méid seo a leanas:

  • Spás taibhithe chun saol ealaíona na cathrach a shaibhriú agus cruthaitheacht na rannpháirtíochta cultúrtha a fhorbairt.
  • Mol nua nuálaíochta agus campas cois abhann chun an chuid seo de Ghaillimh a athghiniúint agus na naisc idir gnó, taighde agus cathair bheo a neartú.
  • Fearann poiblí nua do gach duine a chónaíonn sa chathair nó a thugann cuairt uirthi.
  • Glasbhealach ó Ghaillimh go Conamara a leathnú tríd an gcathair agus campas na hollscoile, go Maigh Cuilinn, Uachtar Ard agus siar go dtí an Clochán.

Beidh dhá limistéar ar leith san fhorbairt a bhaineann leis an gceantar Nuálaíochta agus Cruthaitheachta – Tuaisceart agus Deisceart. Beidh eispéireas, atmaisféar agus dáimh áite ar leith ag baint le gach ceann acu.

  • Cuimseoidh limistéar an Tuaiscirt Foirgneamh Acadúil, a athneartóidh ról agus cion OÉ Gaillimh don chathair agus don réigiún, ionad cultúrtha ilchuspóireach, agus óstán a bheidh nasctha leis an ollscoil go fisiciúil agus i dtéarmaí úsáid pleanáilte agus úsáid atá comhtháite leis an teagasc. Bainfidh an limistéar frámaithe le réimse poiblí inbhuanaithe chun tacú le rannpháirtíocht leis na huiscebhealaí agus le tírdhreacha nádúrtha na timpeallachta uirbí seo.
  • Tá dhá phríomhlimistéar ghníomhaíochta i Limistéar an Deiscirt. Le haghaidh a thabhairt ar an ngá atá le tuilleadh tithíochta i gceantar uirbeach, beidh Baile Uiscebhealaí cónaithe i Limistéar 1. Is i Limistéar 2, na Muilte athfhorbartha, a bheidh an t-ionad Nuálaíochta, Saotharlann Chathrach, Ionad Oideachais Aosaigh OÉ Gaillimh, ionaid for-rochtana agus taispeántais lonnaithe chun cruthaitheacht agus rannpháirtíocht an phobail, agus a lán spásanna sóisialta nua eile, a spreagadh.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán OÉ Gaillimh: “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, agus leis na páirtithe leasmhara go léir a cheadaigh an t-iarratas seo, céim thábhachtach sa tacaíocht don tionscadal riachtanach seo i nGaillimh agus ar a son. Is céim mhór chun tosaigh í seo i gcéim phleanála an Cheantair Nuálaíochta agus Cruthaitheachta nua seo. Ciallóidh sí go mbeidh Saotharlann Chathrach ann mar aon le spás cultúrtha agus taibhithe ilchuspóireach a dhéanfaidh athrú ó bhonn ar Ghaillimh agus ar an réigiún níos leithne, le maireachtáil ann agus le bheith ag obair ann.

“Tá OÉ Gaillimh tiomanta do leas an phobail agus tagann an fhorbairt seo go mór leis an éiteas seo agus lenár mbunluachanna: Oscailteacht, Meas, Inbhuanaitheacht agus Barr Feabhais. Agus na luachanna seo mar threoir againn, leanfar ag forbairt an phlean d’Oileán Altanach, a dtacaíonn an maoiniú seo leis, tar éis dul i gcomhairle lenár bpobal áitiúil. Tar éis an fhógra maoinithe seo, táimid ag tnúth le tuilleadh rannpháirtíochta lenár bpobal chun an tionscadal is fearr agus is féidir inár réigiún a sholáthar, dár ré.”

Déanfaidh OÉ Gaillimh agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe teagmháil iomlán leis na páirtithe leasmhara go léir. Rinneadh comhairliúchán poiblí tosaigh cheana féin agus leanfar le tuilleadh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara le linn an phróisis.

Dúirt Brendan McGrath, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe: “Táim an-bhuíoch den ghrúpa iontach daoine a chomhoibrigh agus a d’oibrigh ar bhealach chomh díograiseach sin ar an tionscadal seo. Is toradh iontach é seo do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus don Chathair agus déanfaidh an scéim seo athrú ó bhonn ar an gcathair agus ar an réigiún. Táimid ag tnúth le bheith ag obair le OÉ Gaillimh agus leis na páirtithe leasmhara go léir ar phleananna chun Ceantar Nuálaíochta agus Cruthaitheachta den scoth a fhorbairt do Ghaillimh.”

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gCeantar Nuálaíochta agus Cruthaitheachta féach: www.nuigalway.ie/buildings/nunsisland/.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories