Baill Fóirne Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus stair a dteaghlach sa Dara Cogadh Domhanda

Luís Cortés Farrona (an chéad duine ar chlé) le poblachtánaigh Spáinneacha eile a bhí mar bhaill den Résistance Francach, 1944 nó 1945. (Le caoinchead ó Sara Farrona agus a clann).
Nov 04 2021 Posted: 15:15 GMT

Baill Fóirne Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus stair a dteaghlach sa Dara Cogadh Domhanda

Cúntaisí úrnua ar an gCogadh ó léachtóirí OÉ Gaillimh ó thart timpeall na hEorpa 

Nochtann baill fóirne de chuid OÉ Gaillimh stair a dteaghlach féin i rith an Dara Cogadh Domhanda in imleabhar nua-eisithe. Sa leabhar, ríomhtar an tionchar a d’imir sé ar na glúinte a tháinig i ndiadh san chomh maith.

Sa chnuasach eisíoch seo, tá réimse suntasach scéalta ó scéal phílóta Éireannach san RAF a gabhadh ina phríosúnach san Iúgsláv, go poblachtánach Spáinneach ag gníomhú ar son Résistance na Fraince go beirt chailín Ghiúdach gafa suas i dtubaist léigir mhóir Leningrad, maraon le scéalta eile nach iad. 

Beirt staraithe de chuid OÉ Gaillimh, an Dr Róisín Healy agus an Dr Gearóid Barry, a chnuasaigh na scéalta sa leabhar úrnua Family Histories of World War II: Survivors and Descendants,le saineolas acu ar nua-stair na Gearmáine is na Fraince idir an bheirt acu.

Ag croí an leabhair, tá 13 chuntas spleodrach ar fhíor-scéalta cogaidh ó bhaill fóirne, idir Éireannaigh is eachtrannaigh, ní amháin ar 1939-45 ach ar an mbrí a baineadh as chuimní an chruatan an tréimshe sin sa chlann ó aimsir an Chogaidh i leith.

Mar a dúirt an Dr Róisín Healy: “Agus taighde déanta agam sa Ghearmáin agam leis na blianta, bhí sé de phribhléid agam aithne a chur ar roinnt mhaith Gearmáineach is scéalta a muintire a chlos,” ar sise. 

“Rith sé liom go mbeadh a macasamail de scéalta suimiúla ag an-chuid daoine eile, fiú ag daoine ina gcónaí in Éirinn. Leag mé geall air gurbh fhiú dúinn áiteamh ar phobal OÉ Gaillimh, is ar ar a bhfoireann ilnáisiúnach. Fós féin, chuir téagar na bhfreagraí ionadh orm,” arsa an Dr Healy.

Cuireann comheagarthór an leabhair, an Dr Gearóid Barry, le seo, ag rá: “Ní raibh sinn ag súil leis go raibh tionchar chomh cumhachtach sin ag an Cogadh ar na chomhleacaithe béaldorais lena rabhamar ag plé leo ó lá go lá.”


I measc na scéaltaí pearsanta sa chnuasacht tá na samplaí seo:

  • Scéal Hans-Walter Schmidt-Hannisa, Ollamh le Gearmáinis agus Consal Onórach na Gearmáine in Iarthar na hÉireann, a d’fhás suas ag smaoineamh go raibh a chlann níos cosúla le híospartaigh an chogaidh ná le fealladóirí go dtí go bhfuair sé amach gurbh duine ciníoch ceart é a sheanathair a bhí fós gan náire tuarimí Naitsíocha a fhógairt, rud a chuir alltacht ar an údar.
  • Scéal grá inste ar bhealach eisceachtáil ag Sheena Fennell agus a máthair Gill, iníon is gariníon an lánúna. Is teicneoir sinsearach sa mhuireolaíocht ag OÉG í Sheena Fennell. D'fhág Cecil McCall and Patricia Fox cathair Chorcaí sa bhliain 1940 le páirt a ghlacadh i bhfeachtas cogaidh na Breataine. Chaith Cecil seal mar phríosúnach cogaidh sa Ghearmáin fad is a bhí Patricia ag obair mar thiománaí otharlchairr in Aberdeen le linn na ruathair Luftwaffe ar an mbaile san. Misneach agus greann a chabhraigh leo teacht slán ón gcruatan go dtí gur phós an bheirt acu sa bhliain 1945.
  • D’fhás Enrico Dal Lago, atá ina ollamh le stair Mheiriceá in ÓE Gaillimh, suas san Iodáil sna 1970í. Chuaigh cuimhní a dtuismitheoir óna n-óige féin ar fhorghabháil na Naitsithe ar an Iodáil sna blianta 1943-45 go mór i bhfeidhm ar Enrico óg. Is as clann tuathánach bródúil ó oirthuaisceart na tíre é Olinto Dal Lago, athair Enrico nach raibh ach 10 bliana d’aois nuair a thosaigh sé ag cabhrú leis an Resistenza Iodálach.
  • Bhí cúthail tráth ar Chiara Boylan, céimí dochtúireachta sa Stair is múinteoir sa Ghaillimh, mar gheall ar sheirbhís a seanathar in éide Shasana agus é inar oifigeach fiachlóireachta san airm san le linn an  Dara Chogadh Domhanda. Ag direadh na coimhlinte, bhí an Méisear J.J. McNamara, ó Co. an Chláir ó dhúchas, orthu siúd a rinne comhaireamh ar mhéad na marbh i gcampa géibhinn Bergen-Belsen ar bhunús fiacla na gcorpán. Ní fhaca sé teannas ar bith idir Éireannachas agus a sheirbhís míleata sa Chogadh agus le himeacht aimsire thuig a ghariníon na fáthanna gur liostáil sé ann.
  • Spáinneach agus Léachtóir le h-eolaíocht is ea Sara Farrona. De sheans a tháinig ar sean-léarscáil Gearmáineach dena réigiún dúchais féin den Spáinn, rud a spreag í scéal a seanuncail Luís Cortés Farrona, iarshaighdiúr a throid i gCogadh na Spáinne agus mar chuid de Résistance na Fraince sa Dara Chogadh Domhanda, a iniúchadh. Mar Chumannach, theith Luís ó réimeas Franco chun na Fraince díreach roimh don tír sin teacht faoi smacht Hitler. Ar deoraíocht ón Spáinn suas go 1980, tugtar cur síos sa scéal seo ar Luís mar uncail ionúin a d’fhill ar a thír féin agus é amach san aois – is an scéal grá a mheall ar ais ann é.
  • Tógann Irina Ruppo, léachtóir le Béarla, chun cuimhne a beirt sheanmháthair, na deirfiúracha Lucia agus Raisa Greenberg a tháinig slán ó Léigear na Naitsíothe ar Leningrad (1941-44), eachtra ina bháisigh ós cionn 1 milliún duine. Tar éis dóibh éalú ón gcathair a bhí faoi léigear sa bhliain 1942 bhí orthu aghaidh a thabhairt ar aistear crua ar bord traenach chun na Sibéire: lena linn, dhiúltaigh máthair na gcailiní glan duine den mbeirt a bhí breoite a fhágaint ina diadh.
  • Scéal shaighdiúra Mheiriceánach is an clann Iodálach a shabháil é is ábhar don bhfíor-scéal á aithris anseo ag beirt deirfiúr Colleen Williamson agus Maureen Maloney, ó Phittsbrugh Pennsylvania sna Stáit Aontaithe ó dhúchas. Sa bhliain 1987 amháin a tháinig eachtraí cogaidh a n-athair Thomas Joyce Moloney chun solais. Píolóta san US Army Air Corps a bhí ann: bhí iachaill air parasiútáil amach dá eitleán sna hAlps le linn ruathair ar thuaisceart na hIodáile i Feabhra 1945.  Ar éigean a bheadh sé beo seachas coimirce chlann sa dúiche idir sin agus teacht fhórsaí na Comhghuaillíochta mar fhuaiscilteoirí roinnt míosa ina dhiadh. 45 bhliain níos déanaí reachtáladh cruinniú céilúrtha nuair a rinne Joyce athchuairt ar am mbaile beag úd.
  • Léachtóir le Fraincís is ea Sylvie Mossay a dhéanann cur síos anseo ar thaithí uasfásach a seanthuismitheoirí Basyl Marczuk agus Aleksandra Doronko, tuistí a máthair as an Úcráin, a chuir aithne ar a chéile is iad ina sclábhaithe sa Ghearmáin i rith an chogaidh, is a d’imigh mar theifigh chun na Beilge i ndiadh san gan castáil ar a gclanna féin ar ais san Úcráin ach amháin sa bhliain 1972.

Léiríonn an leabhar seo na bealaí éagsúla inar shealbhaigh sliocht na ndaoine seo cuimhní a sinsir ar an gCogadh.

Air seo, dar leis an Dr Healy,  tá ilghnéitheacht ann: “I gcásanna áirithe, bhí cuimhní cogaidh go mór i mbéal an chomhluadair, cur i gcás an sampla againn ó bhaile bheag sa Ghréig. Uaireanta eile, is blianta fada i ndiadh san a tháinig cuimhní chun cinn, go minic mar thoradh ar fhiosracht an aos óig sa chlann.”

Thug an cnuasacht cuimhní cinn seo deis do na scéalaithe macnamh a dhéanamh ar thionchar fad-théarmach an mhéid a thit amach dá sinsear ar an gclann trí chéile a mheas.

Arsa an Dr Barry: “Thar aon rud eile, tá ilghnéitheacht suntasach ann. Ar lámh amháin, d’iompaigh scéal seanathair a thacaigh leis na Naitsíothe amach ina ualach trom a srac clann as a chéile. Ar an lámh eile de, áfach, i gclann eile, rinneadh scéal spreagúil ar acmhainneacht an dhuine aonair as scéal athar a tháinig slán ó bhraighdeanas na Naitsíocha dá iníon agus í i ngleic le fadbhanna pearsanta.”

Tá Family Histories of World War II foilsithe ag Bloomsbury Academic, is tá an leabhar ar fáil ón 4 Samhain 2021.

Staraithe aitheanta is faoi ghradam iad na h-eagarthóirí.  Sa bhrollach comhthéacsaithe sa leabhar, cíorann said luach na staire teaghlaigh i scríobh staire an Chogaidh is an léargas a thugann sé ar rian an Chogaidh ar na glúnta a lean é.

Tuilleadh eolais ar https://www.bloomsbury.com/uk/family-histories-of-world-war-ii-9781350201958/

Do fhiosraithe ó na meáin is d’eolas ar ghriangrafanna féach leagan Béarla den bpréas-ráiteas seo.

Críoch.

Marketing and Communications

PreviousNext

Featured Stories