Gradam Órga inbhuanaitheachta ag OÉ Gaillimh

An Cosán Bithéagsúlachta in OÉ Gaillimh, ceann de na tionscnaimh ar tugadh fúthu le béim a chur ar an inbhuanaitheacht san Ollscoil. Grianghrafadóir: Chaosheng Zhao.
Nov 08 2021 Posted: 07:38 GMT

Aitheantas tugtha ag clár STARS do na héachtaí agus don dul chun cinn atá déanta ó 2018  

An ollscoil rangaithe i scothshraith dhomhanda na n-institiúidí ardoideachais

Tá OÉ Gaillimh ar cheann de ghrúpa ollscoileanna eisceachtúla ar fud an domhain a bhfuil rangú Órga STARS déanta orthu as a bhfuil bainte amach acu ó thaobh na hinbhuanaitheachta de.

Bhain an ollscoil an caighdeán feabhais amach i ndiaidh don Chumann chun Inbhuanaitheacht san Ardoideachas a Chur Chun Cinn (AASHE) athbhreithniú a dhéanamh uirthi faoina Chóras Traiceála, Measúnaithe & Rangaithe Inbhuanaitheachta (STARS). 

Tá OÉ Gaillimh ar cheann de 133 ollscoil ar fud an domhain a ghnóthaigh rangú Órga inbhuanaitheachta STARS.

Tá obair chrua déanta ag an Ollscoil le cúpla bliain ag iarraidh an gradam a bhaint amach, ó bunaíodh Comhpháirtíocht Inbhuanaitheachta Pobail agus Ollscoile (CUSP) in 2015 faoi stiúir an Uachtaráin Ionaid agus Meabhránaí, an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, nó gur ceapadh an chéad Oifigeach Inbhuanaitheachta, Michelle O’Dowd Lohan, san Ollscoil in 2019 chun creat straitéiseach inbhuanaitheachta leathan a chur i bhfeidhm, faoi cheannas chathaoirleach CUSP, an tOllamh Jamie Goggins, chun guth na mac léinn agus chun an inbhuanaitheacht a áireamh mar chroíluach i straitéis na hOllscoile 2020-2025, Fís Roinnte, Múnlaithe ag Luachanna.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Tá an inbhuanaitheacht ar cheann de bhunluachanna OÉ Gaillimh agus is fianaise é an rangú Órga ar an méid atá déanta againn ar mhaithe leis an inbhuanaitheacht. Is minic a deirim gur ar mhaithe leis an bpobal atá an Ollscoil anseo. Tá ceannairí an domhain ag teacht le chéile i nGlaschú i láthair na huaire, agus is aitheantas é seo a chuireann OÉ Gaillimh ar comhchéim le cuid de na hinstitiúidí is airde próifíl ar domhan as ár gcuid oibre, a bhfuil tábhacht as cuimse léi maidir lena bhfuil i ndán don phláinéad seo, anois ... ní amach anseo, ach anois."

Bhí an méid seo le rá ag Róisín Nic Lochlainn, Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh: “Is fada na mic léinn ag tabhairt faoi mhórcheisteanna na sochaí, agus tá díocas ar leith orthu agus iad ag dul i ngleic leis an inbhuanaitheacht. Tá ríméad orm faoin méid a rinne mic léinn le rangú Órga STARS a bhaint amach agus táim ag tnúth le leanúint lenár gcuid oibre lenár gcuspóirí inbhuanaitheachta fadtéarmacha a fhorbairt."

Dúirt Jamie Goggins, cathaoirleach bhord Chomhpháirtíocht Inbhuanaitheachta Pobail agus Ollscoile OÉ Gaillimh (Cusp): “Is iontach an rud é rangú Órga STARS a bhaint amach. Is údar ceiliúrtha é agus ba cheart go spreagfadh sé muid le tabhairt faoin gcéad dúshlán eile agus brú a chur orainn féin le béim níos láidre a chur ar an inbhuanaitheacht agus a chinntiú go ndéantar a dhá oiread iarrachtaí ar mhaithe le daoine óga sa lá atá inniu ann agus don chéad ghlúin eile.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Pól Ó Dochartaigh, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí OÉ Gaillimh agus Cathaoirleach Bhord Comhairleach Inbhuanaitheachta na hOllscoile: “Is éacht amach is amach é rangú Órga STARS a bhaint amach. Tá buíochas ar leith ag dul dóibh sin ar fad a chuir béim ar an inbhuanaitheacht san Ollscoil, dóibh sin a d’fhorbair an straitéis agus a leabaigh í inár gcuid oibre agus inár gcleachtas agus dóibh sin a chinntigh go ndearnadh na cinntí cearta chun go mbeadh luach beo leis an inbhuanaitheacht in OÉ Gaillimh.”

Chláraigh níos mó ná 1,000 institiúid chun Uirlis Tuairiscithe STARS a úsáid. Thuill 678 díobh rangú STARS agus tá rangú Órga tuillte ag 133 díobh go dtí seo.

Déanann STARS measúnú ar ghnéithe comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha na hinbhuanaitheachta i gcúig réimse: lucht acadúil, rannpháirtíocht, oibríochtaí, pleanáil agus riarachán, agus nuálaíocht agus ceannaireacht.

Tugadh aitheantas do OÉ Gaillimh as tionscnaimh lena n-áirítear gur ghlac an fhoireann acadúil an inbhuanaitheacht chucu féin mar chuid den churaclam, go ndearna siad taighde a thugann aghaidh ar dhúshláin na hinbhuanaitheachta agus gur úsáideadh an campas mar shaotharlann bheo d’fhoghlaim fheidhmeach inbhuanaitheachta na mac léinn.

Tugadh aitheantas don Ollscoil chomh maith nuair a fuair sí gradam Champas Glas na hÉireann; as a ceannaireacht i réimse na dteicneolaíochtaí inbhuanaithe fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite; as suíomhanna bithéagsúlachta ar an gcampas a chosaint agus a fheabhsú; as an gcéad Deimhniú Saotharlainne Glaise san Eoraip a fháil; as comhpháirtíocht phobail; agus as rialachas láidir agus creat na hinstitiúide trí chéile as an inbhuanaitheacht a chur chun cinn ar an gcampas agus níos faide i gcéin.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories