Corn Mhic Giobúin ag OÉ Gaillimh den chéad uair le 30 Bliain

OÉ Gaillimh 1-17 IT Phort Láirge 1–16 (I ndiaidh am breise)

Corn Mhic Giobúin ag OÉ Gaillimh den chéad uair le 30 Bliain

Bhí fanacht 30 bliain ar OÉ Gaillimh le Corn Mhic Giobúin a chrochadh ach d’éirigh leo ag an deireadh seachtaine in aghaidh IT Phort Láirge in am breise i bPáirc an Phiarsaigh. Bhí an comórtas ar siúl in OÉ Gaillimh ag an deireadh seachtaine agus ní raibh sé éasca ar an Ollscoil an ceann is fearr a fháil ar fhir Phort Láirge. Ní raibh ag OÉ Gaillimh i ndiaidh an dara ham breise le dhá lá ach farasbarr aon phointe amháin. Ba é iománaí an Chláir, John Conlon, a scóráil pointe an bhua i ndiaidh 82 nóiméad don fhoireann áitiúil.

Dé hAoine, d’éirigh le mic léinn na Gaillimhe an bua a fháil sa chluiche leathcheannais sa Daingean i gcoinne rogha na coitiantachta, IT Luimnigh. Imríodh am breise sa chluiche sin chomh maith a chríochnaigh ar 1-24 in aghaidh 1-23. 

Ba é John Lee, iománaí na Gaillimhe agus mac léinn leighis in OÉ Gaillimh a bhí ríméadach as an mbua. Tá sé bliana caite ag an bhfear seo ag iarraidh Corn Mhic Giobúin a ghnóthú don Ollscoil. “Tá sé bliana caite agam ag iarraidh an corn seo a bhuachan, chaill mé trí chluiche leathcheannais agus cluiche ceannais amháin roimhe seo. Bhíomar ag cailleadh le naoi bpointe am amháin agus cheapamar nach mbeadh aon teacht aniar ionainn. Ní raibh mé féin in ann díriú i gceart ar an gcluiche ach léirigh roinnt de na himreoirí eile spiorad iontach. Sin an rud is fearr faoin bhfoireann seo, agus tá sé léirithe ag na himreoirí i gcaitheamh na bliana.

Táim an-sásta don roghnóir agus d’iar-Cheann an Spóirt, Tony Regan, chomh maith. Tá an oiread déanta ag an bhfear sin don iománaíocht in OÉ Gaillimh agus spreag sé sin an fhoireann. Aon uair a mbeifeá ag dul isteach in Ionad Spóirt OÉ Gaillimh chuireadh sé iallach ort liosta foirne OÉ Gaillimh a bhuaigh san am a caitheadh a léamh. Bheadh leithéidí Joe Connolly agus Conor Hayes ar an liosta sin. Tá sé iontach go bhfuil Tony in ann an fhoireann seo a chur ar an liosta sin anois.  Tá sé páirteach le breis agus 30 bliain. Is é seo a bhronntanas scoir”.