Úsáideann lucht riaracháin Obama Teicneolaíocht a Forbraíodh in OÉ Gaillimh
Úsáideann lucht riaracháin an Uachtaráin Obama teicneolaíocht idirlín a forbraíodh in OÉ Gaillimh láithreán gréasáin nua atá dírithe ar phacáiste spreagtha $800 billiún an gheilleagair. Úsáidfidh an lucht riaracháin caighdeán gréasáin ar an láithreán Recovery.gov , a cruthaíodh in Institiúid Taighde na Fiontraíochta Digití (DERI), chun go mbeidh Rialtas Mheiriceá níos trédhearcaí ná mar a bhí riamh.
Díríonn taighdeoirí DERI ar an nGréasán Séimeantach, an chéad ghlúin eile den idirlíon. Tá an Gréasán Séimeantach níos fearr mar go mbíonn na sonraí sainmhínithe agus nasctha. Ceann de na táirgí a bhí mar thoradh ar thaighde DERI is ea Pobail Ar Líne Idircheangailte go Séimeantach nó SIOC. Baineann Recovery.gov úsáid as SIOC, chun pobail ar líne a nascadh agus dul i mbun díospóireachtaí ar líne.
Dúirt cruthaitheoir SIOC agus léachtóir le hInnealtóireacht Leictreonach in OÉ Gaillimh, an Dr John Breslin, "Tá go leor féidearthachtaí spéisiúla i gceist le teicneolaíochtaí séimeantacha cosúil le SIOC do thrédhearcacht rialtas. Le teicneolaíocht shéimeantach is féidir sonraí maoiniúcháin rialtais a nascadh, sonraí a chuirtear ar fáil i scarbhileoga nó foirmeacha. Is féidir iad a nascadh le heolas ón bpobal, ó eagraíochtaí príobháideacha nó ón rialtas féin. Is féidir é seo a dhéanamh le sonraí seachtracha atá nasctha le foinsí poiblí eile. D'fhéadfaí é seo a úsáid chun a fháil amach cén chaoi ar caitheadh airgead, agus cén áit agus cén éifeacht a bhí aige chun staitisticí coiriúlachta, oideachais nó nuálaíochta i réigiúin áirithe a chur le chéile.
D'fhógair George Thomas, príomhailtire le Lucht Riaracháin Sheirbhísí Ginearálta na Stát Aontaithe, go dtugann an láithreán Recovery.gov trédhearcacht don rialtas, agus tugtar sonraí séimeantacha do shaoránaigh agus do ghníomhaígh faoi gach ní ó chonarthaí agus sceidil go costais oiliúna agus infreastruchtúir.
Ó 2003 i leith, tá Fondúireacht Eolaíochta Éireann ag tabhairt tacaíochta do DERI le deontas ón Ionad Eolaíochta, Innealtóireachta agus Teicneolaíochta. Tá méadú tagtha ar DERI le 7 mbliana anuas agus 120 ball ann anois.
Dúirt an tOllamh Stefan Decker, Stiúrthóir DERI, Seo sampla eile a léiríonn go gcuireann infheistíocht in eolaíocht agus i dtaighde Éire ar thús cadhnaíochta sa teicneolaíocht. Tugann an teicneolaíocht seo trédhearcacht do rialtais agus d'institiúidí airgeadais agus bíonn muinín astu dá bharr rud atá ag éirí an-tábhachtach. Tá sé seo aitheanta ag Rialtas Mheiriceá cheana féin.
Tá SIOC ag méadú leis tá úsáid bainte ag feidhmchláir cosúil le Yahoo! SearchMonkey agus Drupal as tionscadal SIOC de chuid DERI.
