Gradam Ollscoil na Bliana an Sunday Times ag OÉ Gaillimh den dara huair
D'ainmnigh The Sunday Times University Guide OÉ Gaillimh mar Ollscoil na Bliana 2009, as 21 institiúid tríú leibhéal eile. Is é seo an dara babhta a bhfuil an gradam seo bainte ag OÉ Gaillimh; bhuaigh sí an gradam den chéad uair in 2002, an chéad uair riamh a bronnadh an gradam.
Cén fáth OÉ Gaillimh?
Seo a leanas roinnt de na cúiseanna ar roghnaíodh OÉ Gaillimh mar Ollscoil na Bliana an Sunday Times 2009:
- Tháinig an méadú is mó sa tír ar líon na n-iarratas fochéime in OÉ Gaillimh in 2009
- Is í an ollscoil is fearr í ó thaobh mic léinn a choinneáil
- Tá sí ar cheann de na hollscoileanna is fearr ó thaobh fostaíochta in earnáil na n-ollscoileanna
- Céimeanna eisiacha solúbtha nua
- An clár rochtana is fearr as na hollscoileanna ar fad
- Na mic léinn thar a bheith sásta leis an ollscoil agus taithí mhaith acu sa chéad bhliain
- Éachtaí taighde, an ollscoil is fearr in Éirinn ó thaobh thráchtálú an taighde de, agus ó thaobh thionscnaimh cheannródaíocha ag cur go mór leis an nGeilleagar Glic
- Infheistíocht i gcampas glas €400 milliún na todhchaí
Cúrsaí nua, poist nua
I mbliana, tháinig méadú ar líon na n-iarratas céadrogha ar OÉ Gaillimh. D'fhéadfadh sé gurb iad na cúrsaí nua a leagadh amach ag freagairt do riachtanais Gheilleagar Glic na hÉireann is cúis leis seo. Tá cúrsaí nua againn i réimsí éagsúla:
- Tacaíonn cúrsaí nua in Innealtóireacht Córas Fuinnimh le margadh an fhuinnimh in-athnuaite
- Cuireann cúrsaí nua in Innealtóireacht Leictreonach céimithe fiontraíochta ar fáil
- Léiríonn na céimeanna nua BA Connect an fás atá ar réimsí taighde sna Daonnachtaí
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Alastair McCall, Eagarthóir The Sunday Times University Guide, maidir le héachtaí OÉ Gaillimh:
Is sampla den scoth OÉ Gaillimh ar an rud is oideachas tríú leibhéal ann. Cuireann sí taithí den scoth ar fáil don mhac léinn mar aon le háiseanna ceannródaíocha nua-aimseartha. Tá tóir ar a cuid céimithe ar fud na hÉireann agus thar lear, agus samhlaítear ardchaighdeán leis an ainm OÉ Gaillimh.
Áit iontach staidéir
Bhí OÉ Gaillimh iontach riamh mar áit staidéir ach leis na háiseanna agus na gníomhaíochtaí nua do mhic léinn tá an leibhéal sástachta i measc na mac léinn ag dul i méid.
Míníonn Uachtarán na hOllscoile, an Dr James J. Browne é seo:
Tá OÉ Gaillimh ag forbairt áiseanna den chéad scoth go tapa ar ár gcampas 250 acra ar bhruach na habhann, trí chlár tógála €320 milliún. D'oscail an tIonad Spóirt agus an linn snámha nua anuraidh; d'oscail halla ceolchoirme agus áis comhdhála den chéad scoth an mhí seo, agus táthar díreach tar éis tosú ar Fhoirgneamh Innealtóireachta €40 milliún a thógáil.
Cuireann an Ollscoil teagasc den scoth ar fáil do na mic léinn agus spreagann sí iad le bheith rannpháirteach go gníomhach sa taithí foghlama trí dheiseanna amhail obair dheonach, socrúchán oibre, cláir mhalartaithe idirnáisiúnta, clubanna spóirt agus cumainn bhríomhara mac léinn. Cuidíonn an bhéim a leagaimid ar rannpháirtíocht na mac léinn linn líon ard mac léinn a choinneáil thar ollscoileanna eile agus cuireann sin leis na figiúirí arda fostaíochta i measc ár gcéimithe.
Teicneolaíocht OÉ Gaillimh i gcéin is i gcóngar
Ceann de na cúiseanna ar bronnadh an gradam ar OÉ Gaillimh i mbliana ab ea an obair nuálaíoch atá déanta ag an Ollscoil chun cuidiú le lucht riaracháin an Uachtaráin Obama. Tá teicneolaíocht idirlín a d'fhorbair Institiúid Taighde na Fiontraíochta Digití (DERI) in OÉ Gaillimh in úsaid ag lucht riaracháin Obama chun trédhearcacht a fheabhsú i Rialtas Mheiriceá.
Sa chéad leath de 2009, tá sé chuideachta nua bunaithe ag OÉ Gaillimh, tá 27 paitinn cláraithe aici agus tá ioncam taighde méadaithe (méadú aon trian ó anuraidh). Chomh maith leis sin, tá comhpháirtíochtaí láidre tionscail ag OÉ Gaillimh, go háirithe i dtionscal na dteicneolaíochtaí feistí leighis, a bhfuil tacaíocht á fáil aige ón taighde atá ar bun ag an Ollscoil in innealtóireacht bhithleighis agus sa leigheas athghiniúnach.
Taighde ceannródaíoch OÉ Gaillimh
Tá níos mó ná deiseanna fostaíochta do chéimithe i gceist leis an gceangal idir an tionscal agus an Ollscoil tá geilleagar agus pobal na tíre á neartú chomh maith.
Dúirt Alistair McCall:
Tá an-tionchar ag an Ollscoil ar an ngeilleagar in iarthar na hÉireann agus tá a cuid onnmhairí tráchtála agus a fochuideachtaí le fáil ar fud na cruinne. Tá cáil bainte amach aici di féin san fhiontraíocht dhigiteach agus sa tionscal feistí leighis, réimse a bhfuil OÉ Gaillimh ar thús cadhnaíochta ann. Bhí sé ar cheann de na cinntí ab éasca againn OÉ Gaillimh a ainmniú mar Ollscoil Éireannach na Bliana."
Aithníonn an Dr James J. Browne, Uachtarán na hOllscoile, tábhacht an taighde in OÉ Gaillimh:
Ar leibhéal náisiúnta, téann ár gclár oibre institiúideach i ngleic le riachtanais an gheilleagair agus straitéis an rialtais maidir leis an nGeilleagar Glic. Cuireann an obair atá curtha i gcrích againn maidir le comhoibriú tionscail agus taighde den scoth i réimsí amhail bithleigheas, fuinneamh in-athnuaite, agus teicneolaíochtaí idirlín leis an gclár oibre náisiúnta agus le geilleagar na tíre.
Tabhair cuairt orainn go bhfeicfidh tú. Is féidir cuairt ar OÉ Gaillimh a chur in áirithe nó dul chuig an gcéad Lá Oscailte eile, i mí Aibreáin 2010.

