Forléargas ar an gCúrsa

Tá sé mar chuspóir ag an Dioplóma sa Ghaeilge (Leibhéal B2) forbairt agus buanú a dhéanamh ar scileanna teanga an mhic léinn a bhfuil eolas áirithe ar an nGaeilge aige nó aici. Déanfar é seo trí úsáid a bhaint as gníomhaíochtaí cumarsáideacha nuálacha agus úsáidfear ábhar dílis (is é sin, cláir theilifíse, cláir raidió, nuachtáin, etc.) ionas go bhfaighidh an mac léinn léargas ar ghnáthúsáid laethúil na Gaeilge.

Iarratais agus roghnúchán

Foirm Iarratais

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ag úsáid an fhoirm seo: Foirm Iarratais ar líne 

Má thugann tú faoin gcúrsa seo déanfar thú a chlárú ar Chóras Clárúcháin na hOllscoile.

An Triail Socrúcháin Teanga (ar líne) 

  • Caithfidh tú an Triail Socrúcháin Teanga (ar líne) a dhéanamh.
  • Cabhróidh an triail seo linn freastal ar riachtanais teanga an fhoghlaimeora trí thástáil a dhéanamh ar an leibhéal teanga atá aige/aici.
  • Beidh deis agat é a dhéanamh díreach tar éis duit an fhoirm iarratais a chur ar aghaidh.
  • Ní ghlacfar le d'iarratas go dtí go bhfuil an Triail Socrúcháin Teanga déanta agat.
  • Cuideoidh an Triail seo linn tú a chur sa rang cuí.

Eolas faoi na teagascóirí

Riachtanais agus measúnú

Dioplóma sa Ghaeilge (Leibhéal B1) agus Dioplóma sa Ghaeilge (Leibhéal C1)

  • An Scrúdú Cainte: Déanfar tástáil ar chumas labhartha Gaeilge na n-iarrthóirí trí scrúdú cainte sa chéad agus sa dara bliain.
  • An Scrúdú Scríofa: Ní mór d’iarrthóirí na scrúdaitheoirí a shásamh go bhfuil ar a gcumas scríobh go cruinn sa Ghaeilge. Seasfaidh gach mac léinn scrúdú ag deireadh gach bliana.
  • Measúnuithe Leanúnacha: I rith gach bliana caithfidh iarrthóirí dhá mheasúnú a sheasamh.

Sonraí an chúrsa

Riachtanais iontrála

Dioplóma sa Ghaeilge (Leibhéal B2)
Beidh an cúrsa seo oiriúnach do dhaoine a bhfuil eolas áirithe acu ar an teanga cheana féin (de bharr a dtréimhse scolaíochta in Éirinn, mar shampla).


Riachtanais bhreise

Fad an chúrsa

Cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain

Dáta tosaithe

Meán Fómhair 2023

Gráid A-leibhéil ()

Líon na mac léinn

20

Spriocdháta

Leibhéal NFQ

7

Modh staidéir

Meáchan ECTS

30

Dámhachtain

Cód CAO

Cód

Imlíne an chúrsa

Dioplóma sa Ghaeilge (Leibhéal B2)

  • Éisteacht agus Labhairt 3 & 4 (Bliain 1 agus 2).
  • Scríobh agus Léamh 3 & 4 (Bliain 1 agus 2).

Breisoideachas

 Is féidir le mac léinn leanúint leis an staidéar ar an Ghaeilge agus tabhairt faoi an leibhéil is airde den Dioplóma: sin Dioplóma C1.

Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?

Deiseanna fostaíochta

Dioplóma sa Ghaeilge (B2)

Ar chríoch an chúrsa, beidh deiseanna fostaíochta ag mic léinn i réimse leathan gairmeacha ina bhfuil cumas idirmheánach Gaeilge ag teastáil. Tá Dioplóma B2 sa Ghaeilge aitheanta ag an Roinn Oideachais mar cháilíocht iontrála sa Ghaeilge dóibh siúd atá ag cur isteach ar chúrsaí sna Coláistí Oiliúna Múinteoirí.

Cé dó a fheileann an cúrsa seo?

Torthaí foghlama

Socrúchán oibre

Staidéar thar lear

Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn

Táillí an chúrsa

Táillí: AE

€990 in aghaidh na bliana

Táillí: Teagasc

Táillí: Tobhach na mac léinn

Táillí: Neamh AE

Táille Alumni
€660 sa bhliain

Táille do na mic léinn lánaimseartha Ollscoil na Gaillimhe
€250 sa bhliain

Seol ríomhphost chuig andioplomasaghaeilge@ollscoilnagaillimhe.ie chun tuilleadh eolais a fháil faoi tháillí an chúrsa.

Tuilleadh eolais

Oifig an Dioplóma sa Ghaeilge
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Gaillimh

Ríomhphost / Email: andioplomasaghaeilge@oegaillimh.ie


Cad a deir ár mic léinn

Ronan

Ronan Loughney |   Dioplóma sa Ghaeilge

Tar éis dom críochnú ar scoil bhí leibhéal maith Gaeilge agam. Bhí múinteoir an-mhaith agam agus chaith mé trí shamhradh i gColáiste Chiaráin mar scoláire. Ina dhiaidh sin d’iarr siad ar ais mar chúntóir mé. Tháinig feabhas mór ar mo chuid Gaeilge an samhradh sin mar go raibh deis agam a bheith i gcomhrá go rialta le daoine a raibh leibhéal ard Gaeilge acu. Mar a tharlaíonn bhí tréimhse ansin ann nuair nach raibh deis agam mórán Gaeilge a labhairt. Ach ansin le linn dom a bheith ag imirt d’fhoireann rugbaí Chonnacht dúirt duine eile de na himreoirí go raibh sé ag smaoineamh ar chlárú ar an Dioplóma agus chinn mé go mbeadh sé iontach an deis sin a thapú leis an nGaeilge a chleachtadh níos rialta. Bhí mé níos sine ag tabhairt faoin Dioplóma sa Ghaeilge, agus thug mé níos mó aird ar an teagasc ná mar a rinne mé agus mé ar scoil agus fuair mé tuiscint níos fearr ar an teanga. Tá sé iontach a bheith in ann an méid a d’fhoghlaim mé ar an Dioplóma a úsáid agus mo chuid eolais rugbaí a roinnt ar an bpobal agus mé i m’anailísí le Rugbaí Beo ar TG4.