Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Líon áiteanna atá
|
20
|
Ag tosú
|
Meán Fómhair 2008
|
Cur síos ar an gclár
|
Is é aidhm an chúrsa seo na sárscileanna praiticiúla ealaíne agus cumas riaracháin i gcomhthéacs na n-ealaíon a thabhairt do rannpháirtithe an chúrsa. Cabhróidh na scileanna seo leo forbairt a dhéanamh ar a ngairm agus slí bheatha a bhaint amach i réimse na n-ealaíon. Tá an cúrsa seo á chur ar fáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gcomhpháirtíocht le Cló Ceardlann na gCnoc, ceardlann amharcealaíne agus ionad do chlódóireacht ealaíonta atá lonnaithe i nGaoth Dobhair. Le linn an chúrsa beidh deis ag mic léinn a bheith páirteach i gceann de thograí reatha ealaíne Chló Ceardlann na gCnoc, mar shampla:
|
Ábhar an chláir
|
1. Forbairt Gairme:
2. Teanga agus Cultúr Comhaimseartha na Gaeilge.
|
Méachan ECTS
|
30 ECTS
|
|
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil ar a gcumas an cúrsa a dhéanamh trí Ghaeilge agus atá ag obair i réimse na n-ealaíon nó a bhfuil spéis acu a bheith ag obair mar ealaíontóirí nó mar riarthóirí i réimse na n-ealaíon. Beidh agallamh le déanamh mar chuid den phróiseas roghnaithe agus tógfar san áireamh aon réamhthaithí san ealaín atá ag na hiarrthóirí. |
Ionad an chúrsa
|
Reáchtálfar an cúrsa in Ionad Ghaoth Dobhair
|
Próiseas measúnachta
|
Déanfar measúnú leanúnach i rith an chúrsa
|
Tuilleadh eolais / Iarratas
|
Dioplóma i gCleachtas Ealaíne,
Fón:
+353 74 9531919
|
| Tá bróisiúr Cúrsaí Dioplóma ar fáil le n-íoschóipeáil i bhfoirm PDF. | ![]() |
