Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Cód PAC: |
GYA84 | |
Leibhéal an chúrsa: |
8 | |
Fad an chúrsa: |
Aon bhliain acadúil lánaimseartha amháin | |
Líon áiteanna atá ar fáil: |
15 | |
Tús an chúrsa: |
5 Meán Fómhair 2011 | |
Cur síos ar an gClár |
Le roinnt blianta anuas, tá borradh mór tagtha faoin nGaeilge mar theanga oifigiúil oibre anseo in Éirinn agus san Aontas Eorpach. Tá obair ar fáil anois do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu nach raibh ar fáil dóibh cheana. Tá scileanna, oiliúint agus cáilíochtaí aitheanta riachtanach chun na poist ghairmiúla seo a fháil.
Tar éis an cúrsa seo a dhéanamh beidh deis ag mic léinn iarratas a dhéanamh ar an gcúrsa MA (Léann an Aistriúcháin) chun barr feabhais a chur ar na scileanna atá sealbhaithe acu le linn na bliana. Ní mór do mhic léinn 2.1 (i.e. 60%) a fháil sa chúrsa Ard-Dioplóma sna Dána (Léann an Aistriúcháin) le bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar an MA (Léann an Aistriúcháin).
| |
Ábhar an chláir |
| |
Aidhmeanna agus cuspóirí |
| |
Meáchan ECTS
|
60 ECTS
| |
Ionad an chúrsa |
Ionad an Acadaimh,
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe. | |
Riachtanais iontrála
|
Bunchéim ag leibhéal 8 mar aon le caighdeán sásúil sa scrúdú iontrála.
| |
Critéir roghnaithe
|
Déantar an roghnúchán bunaithe ar chomh maith is a d’éirigh leis an iarratasóir i gcúrsaí acadúla go dtí seo agus ar a f(h)eiliúnacht don chlár de réir an scrúdaithe iontrála.
| |
Deiseanna Fostaíochta/gairme
|
Tá deiseanna éagsúla gairme ann do dhaoine a mbeidh an clár seo déanta acu. Áirítear orthu sin fostaíocht le gníomhaireachtaí stáit agus cuideachtaí príobháideacha a chuireann seirbhísí aistriúcháin ar fáil. De thoradh Acht na dTeangacha Oifigiúla agus stádas nua na Gaeilge mar theanga oifigiúil oibre de chuid an Aontais Eorpaigh, beidh poist den scoth mar aistritheoirí agus mar ateangairí le fáil feasta in Éirinn agus san Aontas Eorpach. Baineann an-deiseanna féinfhostaíochta leis an aistriúchán freisin, go háirithe i gcomhthéacs an dul chun cinn sa nuatheicneolaíocht le tamall de bhlianta.
| |
Iarratas a dhéanamh
|
Cuirtear isteach ar an gclár seo ar líne tríd an Lár-Ionad Iarratais Iarchéime (PAC). GYA84 an cód cuí PAC.
| |
Nasc Díreach
|
http://www.pac.ie/oegaillimh
| |
Tuilleadh Eolais
|
Cassie Ní Chathasaigh,
Fón:
+353 91 869022
| |
| ||

