Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Cód PAC
|
GYA77
(Lánaimseartha)
|
Leibhéal an chúrsa
|
8
|
Fad an chúrsa
|
GYA77
Lánaimseartha -
Bliain acadúil lánaimseartha amháin
|
Líon áiteanna atá ar fáil
|
20
|
Cur síos ar an gClár
|
Tá teicneolaíocht na faisnéise ríthábhachtach i ngach gné de shochaí na linne seo agus tá sé mar straitéis eacnamaíoch ag an Stát béim láidir a chur ar an ngeilleagar eolas-bhunaithe sna blianta amach romhainn. Dá thoradh seo tá éileamh anois níos mó ná riamh ar dhaoine a bhfuil ardscileanna acu le córais ríomhaireachta a dhearadh, a fhorbairt, a chothabháil agus a riar. Tugann an cúrsa seo an deis don iarrthóir na scileanna a aimsiú a chuirfeas ar a c(h)umas gairm bheatha a mhúnlú dó/di f(h)éin i réimse na teicneolaíochta faisnéise. Is deis í seo do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu agus a bhfuil spéis ar leith acu sa ríomhaireacht cúrsa sainiúil iarchéime a dhéanamh in Ionad an Acadaimh, an Cheathrú Rua, i nGaeltacht Chonamara. |
Ábhar an chláir
|
Modúl Seimeastar ECTS
Cúrsa feidhmeach atá i gceist agus tá 25 uaire a chloig teagmhála ar a mheán i gceist in aghaidh na seachtaine idir léachtaí, ranganna teagaisc, saotharlanna agus ceardlanna.
|
Deiseanna fostaíochta/gairme
|
Baineann céimithe an chláir fostaíocht amach mar lucht forbartha agus cothabhála bogearraí agus córais ríomhaireachta, mar shaineolaithe tacaíochta teicniúla agus mar theagascóirí nó mar shainchomhairleoirí i réimse na ríomhaireachta. Cuireann leagan amach praiticiúil an chláir agus an tréimhse a chaitheann na rannpháirtithe le cuideachtaí faoi dheireadh an chláir go mór lena n-infhostaitheacht agus lena dtuiscint ar na réimsí sainiúla cuí.
|
Cuspóirí an chláir
|
Ach a mbeidh an clár seo críochnaithe ag an mac léinn beidh ar a c(h)umas bogearraí ríomhaireachta a dhearadh trí úsáid a bhaint as uirlisí ríomhaireachta nua-aimseartha. Gheobhaidh an mac léinn scileanna anailíse, pleanála, dearaidh agus forbartha a chuirfeas ar a c(h)umas feidhmiú go héifeachtach i raon leathan timpeallachtaí gnó ina bhfuil saineolas ar chórais ríomhaireachta ag teastáil. Chomh maith le seo, beidh an mac léinn in ann leas a bhaint as scileanna cumarsáide agus bainistiú togra chun deiseanna fiontraíochta i gcúrsaí teicneolaíochta a thapú agus a fhorbairt, agus beidh inniúlacht aige/aice chun dul ar aghaidh in earnáil thaighde agus forbairt na teicneolaíochta faisnéise
|
Meáchan ECTS
|
90 ECTS
|
Ionad an chúrsa
|
Ionad an Acadaimh,
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe. |
Riachtanais iontrála agus critéir roghnúcháin
|
Táthar ag súil go mbeidh bunchéim Ollscoile (leibhéal 7 nó os a chionn) nó a comhionann de thaithí i.e cúig bliana de thaithí ghairmiúil (a áiríonn gnéithe láidir bainteach le réimse na ríomhaireachta nó na teicneolaíochta) ag iarrthóirí an chúrsa seo. Caithfidh cumas sásúil Gaeilge idir thuiscint agus labhairt a bheith ag iarratasóirí freisin. Cuirfear agallamh ar na hiarratasóirí. Más mian leo, beidh deis ag rannpháirtithe a fhaigheann toradh 2.1 nó níos airde sa chúrsa dul ar aghaidh chuig an dara bliain den M.Sc. (Software Design & Development) ar champas na hOllscoile.
|
Socruithe maidir le scrúduithe
|
Déanfar measúnú ar gach aon ábhar trí scrúduithe ranga, trí shaotharlanna, trí mheasúnú leanúnaigh agus trí scrúduithe scríofa freisin.
|
Iarratas a dhéanamh
|
Déan iarratas ar líne, le do thoil, ag an suíomh
http://www.pac.ie/ D’fhéadfadh athrú teacht ar spriocdháta an chúrsa. Tá eolas cothrom le dáta faoi spriocdháta na gcúrsaí uile le fáil ar an suíomh seo a leanas
http://www.pac.ie/ nó
http://www.oegaillimh.ie/acadamh
|
Nasc díreach
|
http://www.pac.ie/oegaillimh
|
Tuilleadh Eolais
|
An Dr Seathrún Ó Tuairisg,
Seathrún Ó Tuairisg /
seathrun.otuairisg
Fón: +353 95 32834
|
