Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Cód PAC |
GYA86 |
Leibhéal an chúrsa |
9
|
Fad an chúrsa
|
Bliain acadúil lánaimseartha amháin i gcás an Dioplóma Iarchéime; bliain féilire amháin i gcás an MA
|
Líon áiteanna atá ar fáil |
15
|
Dáta tosaithe |
5 Meán Fómhair 2011 |
Cur síos ar an gclár |
Tá an cúrsa á chur ar bun chun céimithe a ullmhú ionas go mbeidh ar a gcumas feidhmiú go héifeachtach mar aistritheoirí a bheadh ag plé le reachtaíocht, doiciméid dlí, agus ábhar gaolmhar. Tá an Ghaeilge ina teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh ón 1 Eanáir 2007 i leith, agus an-éileamh ar aistritheoirí, dlítheangeolaithe agus profálaithe le Gaeilge dá bharr sin; tá an clár seo, dá réir sin, dírithe go háirithe ar dheiseanna fostaíochta ó thaobh poist theangabhunaithe a bhaineann leis an reachtaíocht agus an dlí i gComhairle an Aontais Eorpaigh, sa Choimisiún Eorpach, i bParlaimint na hEorpa, i gCúirt Bhreithiúnais na hEorpa, in Oifig Thithe an Oireachtais in Éirinn, nó i bhforais eile ina bhfuil éileamh ar aistriúchán ábhar reachtaíochta agus / nó dlí idir an Béarla, an Ghaeilge agus teangacha eile. Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine ar spéis leo an dlí agus atá ag iarraidh an spéis sin a cheangal le húsáid teangacha ag leibhéal an-ard.
|
Ábhar an chláir |
* i gcás an MA amháin
|
Aidhmeanna agus
|
|
Meáchan ECTS
|
Dioplóma Iarchéime – 60 ECTS
M.A. – 90 ECTS |
Ionad an chúrsa
|
Ionad an Acadaimh,
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe. |
Riachtanais iontrála
|
Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, chomh maith le caighdeán sásúil sa scrúdú iontrála. Cuirfear fáilte ar leith roimh iarratais ó iarrthóirí a bhfuil bunchéim ag leibhéal 8 acu i Léann an Aistriúcháin, sa Ghaeilge, nó sa Dlí.
|
Critéir roghnaithe
|
Déantar an roghnúchán bunaithe ar chomh maith is a d’éirigh leis an iarratasóir i gcúrsaí acadúla go dtí seo agus ar a f(h)eiliúnacht don chlár de réir an scrúdaithe iontrála.
|
Cáiliú don MA |
Caithfear 60% san iomlán a bhaint amach i modúil an Dioplóma Iarchéime le bheith i dteideal tabhairt faoin MA.
|
Iarratas a dhéanamh ar an gcúrsa
|
Cuirtear isteach ar an gclár seo ar líne tríd an Lár-Ionad Iarratais Iarchéime (PAC). GYA86 an cód cuí PAC.
|
Deiseanna fostaíochta
|
Tá deiseanna éagsúla gairme ann do dhaoine a mbeidh an clár seo déanta acu. Áirítear orthu sin fostaíocht le gníomhaireachtaí stáit agus cuideachtaí príobháideacha a chuireann seirbhísí aistriúcháin ar fáil. De thoradh Acht na dTeangacha Oifigiúla agus stádas nua na Gaeilge mar theanga oifigiúil oibre de chuid an Aontais Eorpaigh, tá réimse leathan fostaíochta ar fáil do dhaoine le cáilíochtaí san aistriúchán reachtaíochta agus dlí.
Agus an stádas atá ag an nGaeilge san Eoraip anois tá deiseanna fostaíochta do chéimithe an chláir seo i gComhairle an Aontais Eorpaigh, i gCoimisiún an Aontais Eorpaigh, i bParlaimint na hEorpa, i gCúirt Bhreithiúnais na hEorpa, in Oifig Thithe an Oireachtais in Éirinn, nó i bhforais eile ina bhfuil éileamh ar aistriúchán ábhar reachtaíochta agus / nó dlí idir an Béarla, an Ghaeilge agus teangacha eile. Chomh maith le deiseanna san Eoraip tá deiseanna ar fáil anseo in Éirinn chomh maith i Rannóg Aistriúcháin an Rialtais agus i bhforais eile a bhíonn ag iarraidh aistriúchán ar ábhar reachtaíochta agus dlí. |
Nasc díreach
|
http://www.pac.ie/oegaillimh
|
Tuilleadh eolais |
Eoin Ó Droighneáin,
Fón: +353 91 869858
|
| Tá bróisiúr an MA / Dioplóma Iarchéime (Aistriúchán Reachtaíochta agus Dlí) ar fáil le híoschóipeáil i bhfoirm PDF anseo. |

