Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Cur síos ar an gcúrsa:Is cúrsa lánaimseartha é an MA/Dioplóma Iarchéime (Cumarsáid) agus tá sé dírithe go speisialta ar mhic léinn atá ag iarraidh cáilíocht Mháistreachta a bhaint amach i réimse na meán agus na craoltóireachta. Beidh an cúrsa seo lonnaithe i gcroílár thionscal na craoltóireachta Gaeilge ar an gCeathrú Rua. Is cáilíocht í seo a thabharfaidh taithí leathan do na mic léinn agus a thabharfaidh deis dóibh speisialtóireacht a dhéanamh i gceann de na réimsí seo a leanas:
|
|
| Leibhéal an chúrsa: | Máistreacht ag Leibhéal 9 |
|
|
|
| Riachtanais iontrála: |
Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar. Is gá d’iarrthóirí Stiúrthóir Acadúil an chúrsa a shásamh go bhfuil cumas dóthanach acu sa Ghaeilge chun tabhairt faoin gcúrsa. |
|
Táillí: |
€6,015. D’fhéadfadh an táille seo athrú i rith na bliana. Is féidir eolas faoi tháille reatha an chúrsa a fháil ar www.nuigalway.ie/fees. |
|
Iarratas a dhéanamh: |
www.pac.ie/nuigalway |
|
Cód PAC: |
GYA93 |
| Spriocdháta: |
Is féidir eolas faoi spriocdhátaí an chúrsa a fháil ag www.nuigalway.ie/postgrad/assessmentdates. Déanfar áiteanna a thairiscint ar an gcúrsa de réir mar a gheofar iarratais ó iarrthóirí cáilithe, mar sin moltar duit iarratas a dhéanamh chomh luath agus is féidir. |
Le linn an chúrsa seo gheobhaidh na mic léinn oiliúint trí mheán na Gaeilge ar ghnéithe éagsúla de na meáin chumarsáide agus beidh deis acu speisialtóireacht a dhéanamh i gceann de na réimsí seo a leanas:
| Staidéar na Físe: | An Iriseoireacht Fheidhmeach: |
| Sa sainábhar seo déanfar anailís chriticiúil agus plé ar na traidisiúin chultúrtha agus ar na dioscúrsaí staire a mbíonn tionchar acu ar fhorbairtí in earnáil na físe. Foghlaimeoidh na mic léinn conas tograí físe a fhorbairt, a dhearadh agus iad a thabhairt ó choincheap go scáileán. | Sa sainábhar seo déanfar staidéar ar théacsanna acadúla agus ar ábhar iriseoireachta foilsithe agus craolta agus déanfar anailís ar an gceangal atá idir an iriseoireacht agus an comhthéacs sóisialta, cultúrtha agus teanga ina bhfuil sí préamhaithe. Gheobhaidh na mic léinn oiliúint i ngnéithe éagsúla de ghairm na hiriseoireachta (idir fhís, fhuaim agus fhocal) agus foghlaimeoidh siad conas pacáistí, míreanna agus ailt nuachta a chur ar fáil do chraoltóirí raidió agus teilifíse, do na meáin chlóite agus don idirlíon. |
| Na Meáin Dhigiteacha: | Drámaíocht agus na Meáin: |
| Sa sainábhar seo gheobhaidh na mic léinn an deis an teoiric a bhaineann le dearadh teicneolaíochtaí digiteacha a nascadh leis na scileanna praiticiúla a theastaíonn leis an bhfís atá acu a chur i láthair. Sealbhóidh siad na scileanna a bhaineann le táirgí meán idirghníomhacha a fhorbairt. Déanfar staidéar ar na dea-chritéir deartha a úsáidtear chun na críche seo agus ar na cineálacha uirlisí atá in úsáid go forleathan sa tionscal. | Sa sainábhar seo déanfaidh na mic léinn staidéar ar an éabhlóidiú atá tagtha ar mhodhanna aisteoireachta agus ar stíleanna léirithe drámaíochta don scáileán agus ar fhorbairt na drámaíochta ar scáileáin in Éirinn ó na seachtóidí ar aghaidh. Déanfaidh siad anailís ar na stíleanna aisteoireachta a chleachtann aisteoirí gairmiúla agus ar na príomhthreochtaí in úsáid na teicneolaíochta físe agus fuaime don drámaíocht. Sealbhófar na scileanna a bhaineann le húsáid agus cúram an ghutha mar uirlis don drámaíocht agus don scáileán. |
| Croímhodúil an chúrsa | Seimeastar | ECTS |
|
Staidéar na Físe | Seimeastar | ECTS |
| Aeisteiticí don Scáileán | 1 | 5 | An Seánra Faisnéise ar Scáileán | 1 | 5 | |
| Teicneolaíochtaí Fuaime sna Meáin | 1 | 5 |
|
Scriptscríbhneoireacht don Scáileán | 1 | 5 |
| Modheolaíochtaí Tionscadail agus Taighde | 1 | 5 | Straitéisí Léirithe | 2 | 10 | |
| An Ghaeilge Bheo | 1 | 5 |
|
Stair na hÍomhá Beo | 2 | 5 |
| Gairm & Earnáil na Meán | 2 | 5 | An Lucht Féachana | 2 | 5 | |
| Athshamhlú na Meán sa Ré Dhigiteach | 2 | 5 |
|
|
|
|
| Iriseoireacht Fheidhmeach | Seimeastar | ECTS |
|
Na Meáin Dhigiteacha | Seimeastar | ECTS |
| An tIriseoir Soghluaiste Físe | 1 | 5 | Íomhánna Digiteacha | 1 | 5 | |
| Eiticí agus Litearthacht na Meán | 1 | 5 |
|
Teicneolaíochtaí Gréasáin | 1 | 5 |
| Ceird na Scríbhneoireachta | 2 | 10 | An Láithreán Dinimiciúil | 2 | 5 | |
| An Saoririseoir Ilghnéitheach | 2 | 5 |
|
Dearadh sna Meáin Dhigiteacha | 2 | 5 |
| Iriseoireacht Imscrúdaitheach | 2 | 5 | Beochan Dhigiteach | 2 | 10 | |
| Drámaíocht agus na Meáin | Seimeastar | ECTS |
|
Tionscadal don MA | Seimeastar | ECTS |
| Stair na Drámaíochta ar an Scáileán | 1 | 5 | Tionscadal Taighde Féinstiúrtha | 3 | 30 | |
| Scriptscríbhneoireacht don Scáileán | 1 | 5 |
|
|||
| Aisteoireacht don Scáileán | 2 | 10 | ||||
| An Drámaíocht Chomhaimseartha sa Ré Dhigiteach | 2 | 5 |
|
|||
| Guth an Aisteora | 2 | 5 |
Ullmhóidh an cúrsa seo na mic léinn chun tabhairt faoi ghairm in earnáil na hiriseoireachta, na craoltóireachta, na drámaíochta, na teicneolaíochta faisnéise nó mar léiritheoir raidió, teilifíse agus scannán. I measc na n-eagraíochtaí a fhostaíonn iarchéimithe cumarsáide de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, tá: RTÉ, RTÉ Raidió na Gaeltachta, TG4, Foinse, BBC, Ros na Rún, Telegael, Nemeton, Abú Media, Fíbín agus Branar Drámaíochta.
|
Tuilleadh eolais:Rónán Ó Dubhthaigh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe. Fón: 353 91 595802 R-phost: curmarsaid oegaillimh.ie
Idirlíon: www.oegaillimh.ie/acadamh
|
|
| Tá bróisiúr an MA / Dioplóma Iarchéime (Cumarsáid) ar fáil le híoschóipeáil i bhfoirm PDF anseo. |
