Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Cód PAC
|
GYA83
|
Leibhéal an chúrsa
|
9
|
Fad an chúrsa
|
Aon bhliain féilire lánaimseartha amháin
|
Líon áiteanna atá ar fáil
|
15
|
Dáta Tosaithe:
|
5 Meán Fómhair 2011
|
Cur síos ar an gclár
|
Tá an clár seo dírithe ar dhaoine a dteastaíonn uathu cáilíocht aitheanta mháistreachta a bhaint amach i Léann an Aistriúcháin. Tugtar sáreolas ar cheird an aistriúcháin agus cuirtear an bhéim ar chleachtadh feidhmeach ar phróiseas an aistriúcháin. Is ball é an cúrsa seo de Líonra an EMT (an Chéim Mháistreachta Eorpach san Aistriúchán) agus é aitheanta dá réir ag Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh. Le roinnt blianta anuas, tá borradh mór tagtha faoin nGaeilge mar theanga oifigiúil oibre anseo in Éirinn agus san Aontas Eorpach. Tá obair ar fáil anois do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu nach raibh ar fáil dóibh cheana. Tá scileanna, oiliúint agus cáilíochtaí aitheanta riachtanach chun na poist ghairmiúla seo a fháil.
Tá an clár seo dírithe ar mhic léinn a bhfuil Dara hOnóracha, Grád 1 bainte amach acu i Léann an Aistriúcháin nó sa Ghaeilge mar ábhar iomlán bunchéime ag leibhéal 8, mar aon le Dara hOnóracha, Grád 2 sa bhunchéim ina iomláine, agus ar mian leo cáilíocht mháistreachta a bhaint amach san ábhar. Tá sé dírithe freisin ar mhic léinn nár thug faoi Léann an Aistriúcháin sa bhunchéim ach a bhfuil Dara hOnóracha, Grád 1 bainte amach acu san Ard-Dioplóma sna Dána (Léann an Aistriúcháin). Ritheann an cúrsa seo ar feadh bliain iomlán féilire (Meán Fómhair go Lúnasa).
|
Ábhar an chláir
|
Modúil
|
Aidhmeanna agus cuspóirí
|
|
Meáchan ECTS
|
90 ECTS
|
Ionad an chúrsa
|
Ionad an Acadaimh,
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe. |
Riachtanais iontrála
|
Dara hOnóracha, Grád 1 san ábhar bunchéime Léann an Aistriúcháin mar aon le Dara hOnóracha, Grád 2 sa bhunchéim ina hiomláine nóDara hOnóracha, Grád 1 san Ard-Dioplóma (Léann an Aistriúcháin) nóDara hOnóracha, Grád 1 san ábhar bunchéime Gaeilge nó Nua-Ghaeilge ag leibhéal 8 mar aon le Dara hOnóracha, Grád 2 sa bhunchéim (leibhéal 8) ina hiomláine, mar aon le caighdeán sásúil cruinnis i scríobh na Gaeilge a bheidh le cruthú i scrúdú iontrála.
|
Critéir roghnaithe
|
Déantar an roghnúchán bunaithe ar chomh maith is a d’éirigh leis an iarratasóir i gcúrsaí acadúla go dtí seo agus ar na riachtanais iontrála a bheith comhlíonta ag an iarratasóir.
|
Deiseanna fostaíochta/gairme
|
De thoradh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus stádas nua na Gaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh ón 1 Eanáir 2007, beidh poist den scoth mar aistritheoirí le fáil sna blianta seo romhainn in Éirinn agus in institiúidí an AE. Tá deiseanna gairme ar fáil le comhlachtaí stáit agus príobháideacha a chuireann seirbhísí aistriúcháin ar fáil agus baineann an-deiseanna féinfhostaíochta leis an aistriúchán freisin, go háirithe i gcomhthéacs an dul chun cinn sa nuatheicneolaíocht le tamall de bhlianta. Baineann an-tábhacht anois le cáilíochtaí aitheanta ollscoile chun na deiseanna fostaíochta seo a thapú.
|
Iarratas a dhéanamh
|
Cuirtear isteach ar an gclár seo ar líne tríd an Lár-Ionad Iarratais Iarchéime (PAC). GYA83 an cód cuí PAC.
|
Nasc díreach
|
http://www.pac.ie/oegaillimh
|
Tuilleadh eolais
|
Cassie Ní Chathasaigh,
Fón: +353 91 869022
|
| Tá bróisiúr an MA (Léann an Aistriúcháin) ar fáil le híoschóipeáil i bhfoirm PDF anseo. |

