Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Cód PAC
|
GYA94
| |||||||||
Fad an chúrsa
|
Bliain acadúil lánaimseartha amháin i gcás an Dioplóma Iarchéime; bliain féilire amháin i gcás an M.A.
| |||||||||
Líon áiteanna atá ar fáil
|
30
| |||||||||
Dáta Tosaithe:
|
3 Meán Fómhair 2012 | |||||||||
Aidhm |
Is é aidhm an chúrsa seo oiliúint i ngnéithe den Léann Teanga a chur ar mhic léinn a chuirfidh ar a gcumas feidhmiú go gairmiúil trí Ghaeilge, in earnálacha éagsúla. Tabharfar léargas do na mic léinn ar fad ar bhunghnéithe faoi leith den Léann Teanga, ar a n-áirítear cruinnscríobh na Gaeilge, modheolaíochtaí taighde agus an tsochtheangeolaíocht. Díríonn na mic léinn, trí mhodúil sainábhair, ar cheann amháin de na príomhdhisciplíní seo a leanas: Aistriúchán, Ardscileanna Teanga, nó an Phleanáil Teanga. | |||||||||
Cur síos ar an gclár
|
Le linn an chúrsa seo gheobhaidh na mic léinn oiliúint i ngnéithe tábhachtacha den Léann Teanga. Áirítear orthu sin Cruinnscríobh na Gaeilge (ardchruinneas i scríobh na Gaeilge; forléargas ar an téarmeolaíocht, mar aon le ceartúsáid uirlisí foclóireachta agus téarmaíochta), Modheolaíochtaí Taighde (modheolaíochtaí le haghaidh taighde iarchéime), agus Teanga agus Pobal (forléargas ar shocheolaíocht, teangeolaíocht & féiniúlacht teanga an phobail). Lena chois sin, beidh deis acu speisialtóireacht a dhéanamh i gceann de na sainábhair seo a leanas: Aistriúchán: Sna modúil a bhaineann leis an sainábhar seo, scrúdófar na modhanna is éifeachtaí chun téacsanna a aistriú go Gaeilge. Cíorfar na cineálacha téacsanna is mó a mbíonn aistritheoirí gairmiúla ag plé leo ar an aimsir seo mar aon le cuid de na dúshláin is suntasaí a bhaineann leis an nGaeilge mar sprioctheanga aistriúcháin. Cuirfear oiliúint ar na mic léinn freisin i dteicneolaíocht an aistriúcháin chun go mbeidh ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar an margadh fostaíochta agus na scileanna riachtanacha teanga agus ríomhaireachta/teicneolaíochta araon sealbhaithe acu. Bronnfar cáilíocht EMT (European Masters in Translation) freisin ar na mic léinn a dhéanann modúil uile an tsainábhair seo. Ardscileanna Teanga: Sna modúil a bhaineann leis an sainábhar seo, déanfar staidéar ar na réimeanna éagsúla scríbhneoireachta a éilíonn ardchumas teanga, eadhon an scríbhneoireacht ghairmiúil, acadúil agus chriticiúil. Beidh eolas ag na mic léinn ar ghramadach agus ar shaibhreas na Gaeilge scríofa, agus déanfar cúram freisin de na scileanna a theastaíonn le cur i láthair gairmiúil a dhéanamh ó bhéal trí úsáid a bhaint as ardréim teanga. An Phleanáil Teanga: Sna modúil a bhaineann leis an sainábhar seo, scrúdófar na coincheapa agus na beartais is nua-aimseartha sna réimsí éagsúla a thagann faoi scáth na pleanála teanga: an tsochtheangeolaíocht; an teangeolaíocht; an phleanáil straitéiseach. Tá an sainábhar seo dírithe ar dhaoine a bhfuil spéis acu i gcúrsaí teanga agus sna bealaí éagsúla is féidir dul i bhfeidhm ar phobail teanga d’fhonn spriocanna sainiúla a bhaint amach. Breathnófar go mion ar ghnéithe a bhaineann leis an bpleanáil teanga sa chomhthéacs náisiúnta agus idirnáisiúnta.
| |||||||||
Riachtanais iontrála
|
Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar. Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu i réimse gaolmhar d'earnáil na teanga iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL). Is gá d’iarrthóirí Stiúrthóir Acadúil an chúrsa a shásamh go bhfuil cumas dóthanach acu sa Ghaeilge chun tabhairt faoin gcúrsa.
| |||||||||
Deiseanna gairme
|
Ullmhóidh an cúrsa seo thú chun tabhairt faoi ghairm in earnáil na teanga. I measc na n-eagraíochtaí a fhostaíonn mic léinn de chuid an ábhair seo, tá institiúidí an Aontais Eorpaigh, institiúidí aistriúcháin de chuid an Stáit, cuideachtaí príobháideacha aistriúcháin, údaráis áitiúla, eagraíochtaí forbartha de chuid an Stáit, institiúidí oideachais, eagraíochtaí pobail, etc.
| |||||||||
Spriocdháta |
Is féidir eolas faoi spriocdhátaí an chúrsa a fháil anseo. Déanfar áiteanna a thairiscint ar an gcúrsa de réir mar a fhaightear iarratais ó iarrthóirí cáilithe, mar sin moltar duit iarratas a dhéanamh chomh luath agus is féidir.
| |||||||||
Táillí |
€6,015. D’fhéadfadh an táille seo athrú i rith na bliana. Is féidir eolas faoi tháille reatha an chúrsa a fháil ar
www.nuigalway.ie/fees.
| |||||||||
Tuilleadh eolais
|
Aonad na Pleanála Teanga Aonad na Gaeilge Feidhmí
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
|

