Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Ag seoladh an nua MA sa Chumarsáid in OÉ Gaillimh bhí Siún Nic Gearailt ó RTÉ
agus an Dr Seathrún Ó Tuairisg, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh
Is í an phearsa teilifíse agus léitheoir nuachta RTÉ, Siún Nic Gearailt, a sheol an cúrsa nua MA sa Chumarsáid ag ócáid in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le déanaí.
Cúrsa lánaimseartha bliana is ea an MA sa Chumarsáid ina leagtar béim ar obair phraiticiúil i réimse leathan ábhar a bhaineann leis an gcraoltóireacht raidió agus teilifíse, leis an iriseoireacht, agus leis an aisteoireacht don scáileán. Is é an chéad chúrsa MA dá chineál atá á thairiscint go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Tá an cúrsa seo á thairiscint ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus beidh sé lonnaithe in Ionad an Acadaimh ar an gCeathrú Rua i gConamara. Déanann na mic léinn speisialtóireacht le linn an chúrsa i gceann de na réimsí seo leanas: staidéar na físe, iriseoireacht fheidhmeach, na meáin dhigiteacha agus drámaíocht sna meáin.
Agus an MA nua á sheoladh aici, labhair Siún Nic Gearailt ar a taithí mar mhac léinn ar chúrsa eile de chuid an Acadaimh, an tArd-Dioplóma sa Chumarsáid Fheidhmeach, atá ag teacht chun deiridh anois agus an MA sa Chumarsáid ag teacht ina áit. “ Bhí an cúrsa an-phraiticiúil agus bhain sé le go leor de na bunscileanna a theastaíonn chun bunús agus blaiseadh a fháil le gairm a fhorbairt sna meáin,” a dúirt sí. “ Buntáiste ar leith a bhí ann gur trí mheán na Gaeilge a bhí sé, ag tráth a raibh TnaG/TG4 ag teacht ar an bhfód agus a raibh go leor comhlachtaí léiriúcháin nua á mbunú sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.”
Dúirt Siún gur ’ oscailt súl’ a bheadh sa chúrsa do mhic léinn ar thionscal na meán. “ Má cheapann tú nach gá duit ach suí os comhair ceamara nó micreafóin agus labhairt, beidh thiar ort,” a dúirt sí. “ Bíonn an t-uafás oibre ar bun ag daoine os comhair agus taobh thiar den cheamara, sa seomra stiúrtha, ar an deasc eagarthóireachta agus gan dabht ag cur scéalta an lae le chéile. Ag féachaint ar an leagan amach atá ar an gcúrsa seo, tá na haon chuma air go dtabharfaidh an MA sa Chumarsáid léargas agus tuiscint mhaith duit ar na ceisteanna praiticiúla, chomh maith leis an teoiric agus cúrsaí eitice.”
Cúrsa lánaimseartha bliana is ea an MA sa Chumarsáid ag Léibhéal 9 (creidmheas 90 ECTS). Is féidir iarratais a dhéanamh ar líne tríd an gcóras iarchéime PAC ag www.pac.ie/nuigalway.
Tá na sonraí go léir ar fáil ag
www.oegaillimh.ie/acadamh. Tá a thuilleadh eolais ar fáil freisin ón
Dr Seathrún Ó Tuairisg ag 091 595802 nó trí ríomhphost a chur chuig
cursai
oegaillimh.ie.
