An bhfuil Gaeilge líofa agat? Ar mhaith leat feabhas a chur ar do chruinneas scríofa sa teanga?

Ranganna i gcruinnscríobh na Gaeilge don Fhoireann 2023-2024

Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag tairiscint ranganna i gcruinnscríobh na Gaeilge d’fhoireann na hOllscoile a bhfuil scileanna maithe Gaeilge acu cheana féin.

Clárú: Ní mór clárú roimh Dé Céadaoin 10 Eanáir, 2024 ag úsáid an fhoirm iarratais Microsoft Word thíos.

Dáta: Ranganna Gaeilge na Foirne ag tosú an tseachtain dar tús 15 Eanáir, 2024.

Ionad:  Beidh na ranganna seo ar siúl ar líne.

Foirm Iarratais: Is féidir leat an fhoirm iarratais a íoslódáil anseo:Foirm Iarratais - Cruinneas Scríofa na Gaeilge agus í a sheoladh ar ríomhphost chuig evan.ogriofa@ollscoilnagaillimhe.ie

Tá na ranganna seo saor in aisce.

Tuilleadh eolais:
Evan Ó Gríofa,
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Áras na Gaeilge.
091-493616 / evan.ogriofa@ollscoilnagaillimhe.ie