|
Is é misean Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ceannródaíocht a spreagadh agus a léiriú i measc phobal na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di; ceannródaíocht a chuirfidh le forbairt shóisialta, chultúir, eacnamaíoch agus teanga an phobail sin agus phobal na tíre trí chéile. Chun an misean sin a chomhlíonadh, is é cuspóir an Acadaimh forbairt inbhuanaithe a dhéanamh ar chúrsaí, ar thaighde, ar sheirbhísí agus ar ghníomhaíochtaí Ollscoile eile trí mheán na Gaeilge agus iad a sheachadadh agus a riaradh.
|