|
Bunaíodh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge faoi choimirce Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2004, chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt inbhuanaithe na gcúrsaí trí Ghaeilge, do ghníomhaíocht taighde agus do sheirbhísí eile. Comhoibríonn an tAcadamh le Dámha, le Ranna agus le hoifigí eile na hOllscoile, chun forbairt a dhéanamh ar raon agus ar líon na gcúrsaí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge ar champas na hOllscoile i nGaillimh agus sa Ghaeltacht.
Cuireann an tAcadamh cúrsaí ar fáil ar champas na hOllscoile i nGaillimh agus i dtrí ionad sa Ghaeltacht: An Cheathrú Rua, Gaoth Dobhair agus Carna. Ina theannta sin, cuirtear an cúrsa Dioplóma sa Ghaeilge ar fáil i mbreis agus 20 ionad éagsúil ar fud na tíre. Cuireann an tAcadamh cúrsaí ar fáil ag leibhéal Céime, Dioplóma, Ard-Dioplóma agus Máistreachta do mhic léinn iar-Ardteistiméireachta agus do mhic léinn aibí.
|