Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Tá míle fáilte romhat chuig láithreáin Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge OÉ Gaillimh |
Cuireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge cláir chéime & iarchéime ar fáil do mhic léinn ar mian leo cáilíocht chéime/iarchéime a bhaint amach sna réimsí seo a leanas; Riarachán Gnó, Cumarsáid - Craoltóireacht Raidió agus Teilifíse, Léann an Aistriúcháin, Ateangaireacht, Pleanáil Teanga, Oideachas, Na hEalaíona agus Teicneolaíocht Faisnéise.
Mar chuid de do chlár oiliúna leis an Acadamh beidh tú ag sealbhú na scileanna a bhaineann le húsáid na teicneolaíochta cumarsáide agus faisnéise a bhaineann le d’ábhar agus ag foghlaim faoin ról atá ag an teicneolaíocht agus na scileanna sin i sochaí na linne seo.
Chomh maith le freastal ar léachtaí, ar cheardlanna agus ar ranganna teagaisc agus ag brath ar an gclár a roghnaíonn tú, beidh deis agat tréimhse a chaitheamh ag staidéar in ollscoil thar lear nó i mbun taithí oibre sa réimse a bhaineann le do chlár léinn.
Beidh an tréimhse a chaithfeas tú san Acadamh ar cheann de na tréimhsí is spéisiúla agus is dúshlánaí de do shaol. Beidh deis agat staidéar domhain a dhéanamh ar na réimsí a bhfuil suim dháiríre agat iontu agus gheobhaidh tú eolas agus scileanna sna réimsí sin a chuirfidh ar do chumas dul ag obair go gairmiúil trí mheán na Gaeilge nó trí Bhéarla sa réimse a roghnaíonn tú.
Tá an t-eolas ar fad a theastóidh uait faoi chláir agus áiseanna an Acadaimh le
fáil ar an láithreán seo. Ar ndóigh, is é an tslí is fearr le blaiseadh a fháil den
saol in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh ná teacht ar cuairt chugainn. Ná bíodh aon drogall ort teagmháil a dhéanamh linn chun labhairt lenár mic léinn agus lenár gcomhaltaí foirne agus tamall a chaitheamh ag spaisteoireacht timpeall na nIonad atá againn ar an gCeathrú Rua, Carna, Dún na nGall agus ar ndóigh ar champas na hOllscoile i nGaillimh.
Guím gach rath ort i do shaol Ollscoile.
