Is as Cathair na Gaillimhe, ó dhúchas de Susan. Tá sí mar Chomhordaitheoir ar an M.A san Ateangaireacht Chomhdhála agus phríomhléachtóir an chúrsa céanna.
Tá B.A. Idirnáisiúnta sa Ghaeilge agus sa Fhraincis aici ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus M.A. sa Nua-Ghaeilge a bhain sí amach tar éis na fochéimithe sin. Bhain sí Máistreacht Eorpach amach san Ateangaireacht Chomdhála ó Ollscoil Westminster, Londain freisin.
Tá sí ar dhuine den bheagán daoine atá cáilithe mar ateangaire gairmiúil le Gaeilge agus oibríonn sí go rialta i bParlaimint na hEorpa agus in institiúidí eile den chuid an Aontais Eorpaigh mar ateangaire comhdhála. Tá sé mar chuid den déachleachtas ar chúrsaí ateangiareachta go mbeadh an teagascóir ag obair mar ateangaire iad féin agus cinntíonn sé go mbíonn teagmháil ag na mic léinn leis an saol gairmiúil.
Tá spéis ar leith aici sa Ghaeilge labhartha agus in obair na gColáistí Samhraidh. Roimhe seo d'oibrigh sí mar Fheidhmeananch Forbartha do CONCOS (Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh) agus bhí sí mar léachtóir ateangaireachta ar chúrsa an M.A i Staidéar an Aistriúcháin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge roimhe seo.
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh T: + 353 (0)91 595101
Nuashonraíodh an leathanach seo 23 / 02 / 2012