Is as an gCeathrú Rua, Conamara, ó dhúchas do Mhairéad.
Tá sí ag obair mar Fheidhmeannach Aistriúcháin san Oifig Aistriúcháin ó 2004. Tá céim B.A. sa Ghaeilge agus sa Bhéarla aici ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus ina dhiaidh sin bhain sí M.A. i Staidéar an Aistriúcháin amach.
D'oibrigh Mairéad mar riarthóir ar Oifig Aistriúcháin Chomhaltas na Mac Léinn agus í ag an Ollscoil. Chaith sí seal ar thaithí oibre sa Ghúm agus i ndiaidh di M.A. a bhaint amach thosaigh sí ag obair i Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais, áit a raibh aistriú reachtaíochta agus teangaireacht ar bun aici.
D'fhill sí ar Ghaillimh arís agus thosaigh sí ag teagasc ar an Dioplóma i Scileanna Aistriúcháin agus ar an MA i Staidéar an Aistriúcháin san Ollscoil. Anois, tá sí freagrach as Seirbhís Aistriúcháin na hOllscoile a riaradh.
Tá creidiúnú faighte aici ó Fhoras na Gaeilge agus a hainm foilsithe ar an bpainéal aistritheoirí atá le feiceáil ar a láithreán gréasáin.
Tráchtas M.A
Ní Chatháin, M. Banríon Álainn an Líonáin - The Beauty Queen of Leenane: Staidéar ar an Aistriúchán Gaeilge den Bhuntéacs Béarla, 2002.
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh T: + 353 (0)91 595101
Nuashonraíodh an leathanach seo 08 / 09 / 2008