Rose Ní Dhubhda, B.A., HDipCS, MScMMT, GDCEd, MScCEd
Teideal:
Ionad:
Fón:
Facs:
R-phost:
|
Feidhmeannach Aistriúcháin
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh,
Gaillimh,
Éire.
091 - 495813
091 -
rose.nidhubhda oegaillimh.ie
|
|
Is as Gaeltacht Chorca Dhuibhne ó dhúchas do Rose. D’fhreastail sí ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh áit ar bhain sí céim BA amach sa Ghaeilge agus san Eacnamaíocht, Ard-Teastas sa Ríomhaireacht agus céim mháistreachta sna hIlmheáin Teicneolaíochta. Bronnadh céim mháistreachta céad onóracha uirthi sa bhliain 2005 ar thráchtas a scríobh sí ar Ról na Teicneolaíochta i Múineadh agus i bhFoghlaim Teanga ag díriú go speisialta ar an nGaeilge.
Chaith sí tréimhse sé bliana ag obair in Ionad na Gaeilge Labhartha i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh ag plé le cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí sna hIlmheáin Teicneolaíochta trí mheán na Gaeilge.
Tá Rose ag obair leis an Acadamh ó mhí Lúnasa 2007 agus tá sí i mbun teagaisc ar na cúrsaí seo a leanas: Dioplóma Iarchéime / M.A. (Léann an Aistriúcháin), Céim sna Dána (Léann an Aistriúcháin) agus Dioplóma sna Dána (Scileanna Aistriúcháin), M.A. i dTeagasc Teangacha (An Ghaeilge).
Tá spéis ar leith aici san Aistriúchán Ríomhchuidithe, san Fhoghlaim Ríomhchuidithe, san Fhotheidealú agus sna hIlmheáin Teicneolaíochta.
Tá an Teastas Iarchéime i dTeagasc agus i bhFoghlaim san Ardoideachas idir lámha aici. Is ball í den choiste stiúrtha ILTA (Irish Learning Technology Association).