Seosamh Mac Donnacha, B.A, M.A, M.S.c
Teideal:
Ionad:
Fón:
Facs:
R-phost:
|
Comhordaitheoir Acadúil
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe.
Éire.
00 353 91 493753 / 869102
00 353 91 595041
seosamh.macdonnacha oegaillimh.ie
|
|
Is as an gCeathrú Rua ó dhúchas do Sheosamh.
Tá sé freagrach as forbairt agus seachadadh clár teagaisc agus taighde an Acadaimh agus is léachtóir agus taighdeoir é i réimse na pleanála teanga. Tá spéis faoi leith aige sa taighde ar ghnéithe eagraíochtúla agus straitéise na pleanála teanga.
Chaith sé tréimhse ag obair mar bhainisteoir comhordaithe polasaí le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, agus bhí sé mar stiúrthóir ar an gComhdháil Idirnáisiúnta ar Reachtaíocht Teanga a reáchtáladh i 1998. Tá tréimhse caite aige ag obair le Glór na nGael freisin agus bhí sé ar cheann de chomhbhunaitheoirí na heagraíochta Comhluadar.
Tá céim B.A aige i mBainistíocht agus céim Mháistreachta in Iompraíocht Eagraíochta.
Is féidir liosta foilseacháin agus ábhar taighde a fheiceáil anseo:
Liosta Foilseacháin