Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Teideal:
|
Feidhmeannach Cumarsáide
|
|
Beathaisnéis
|
|
Is as Daingean Uí Chúise d’Aodh. Bhain sé céim BA sa Dlí agus sa Pholaitíocht amach ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i 1996. Bronnadh LL.B air sa bhliain 2000. Dhein sé staidéar do scrúduithe iontrála an dlíodóra, Plás Blackhall i 2003/04.
Múineann Aodh Dlí na Meán, Iriseoireacht agus Scríbhneoireacht Chruthaitheach.
|
Teilifís |
|
Bhí Aodh ina Eagarthóir Nuachta i TG4 ó 1996 go 2003.
As Seo Amach, (Sraith 6 clár) RTÉ, 1990
Claíocha Arda 2006, DVD de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge mar chomóradh 100 bliain ar bhreith Mháirtín Uí Chadhain. |
Raidió |
|
D’oibrigh sé mar iriseoir, láithreoir agus léiritheoir le Raidió Chiarraí i 1990/91. Chaith sé sealanna ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta mar iriseoir agus mar láithreoir. Cuir sé Seo Beo an tSathairn i láthair ó Chasla i 1992/93, d’oibrigh sé go hócáideach i mBóthar na Léinsí, Baile na nGall ar an nuacht aitiúil agus an clár An Saol Ó Dheas i 1994/95. |
An Amharclann |
|
Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an chompántais amharclainne Na Fánaithe a tháinig ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i 1987. Bhí sé páirteach sa seó, Misiún ar Muir, a dhein ionadaíocht thar chean na hÉireann ag Expo ’92 i Seville na Spáinne. Ball d’Aisteoirí Bhréanainn i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ó 1980 áit a déanadh riar maith de dhrámaí gearra Samuel Beckett. Ball de Siamsa Tíre ó 1976. D’oibrigh sé leo mar oirfideach agus mar theicneoir soilse. Bhí sé páirteach sa seó, Ding Dong Dederó: Forging the Dance, a d’oscail an amharclann nua i dTrá Lí sa bhliain 1991 An Tincéara Buí, léirigh sé gearrdhráma Johnny Chóil Mhaidhc le hAisteoirí an Spidéil i 2007 in omós don údar tar éis a bháis. |
Léachtaí |
|
Craoltóireacht na Gaeilge – Ollscoil Naomh Muire, Halifax, Alba Nua, Ceanada -Bealtaine 2004. Leachtóir ócáideach ar an gcúrsa MA in Journalism, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Eagraí siompóisiam, Féiniúlacht: Na Meáin Cheilteacha sa tSráidbhaile Domhanda mar chuid de Féile na Meán Ceilteach 2008. Léacht ar Dhlí na Meán, Greasán na Meán, An Spidéal, 2005 Léacht ar Dhlí na Fostaíochta, Greasán na Meán, An Spidéal, 2005 |
Ceol |
|
Tá spéis ar leith aige san amhránaíocht ar an sean-nós. Dhein sé staidéar ar amhráin Sheáin de hÓra, Cloichear, Baile an Fhirtéaraigh, Co. Chiarraí i 1984/5. Cualathas i gComórtas na bhFear ag Oireachtas na Gaeilge é (cúpla babhta!). Seineann sé ceol. Dhein Aodh taifeadadh le Micho Russell i gcathair na Gaillimhe sa bhliain 1988. |
