Conchúr Mac Giolla Eáin, B.A., T.I.C.O., M.A.
Teideal:
Ionad:
Fón:
Facs:
R-phost:
|
Feidhmeannach Teanga
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
Gaoth Dobhair,
Doirí Beaga,
Leitir Ceannain,
Co. Dhún na nGall,
Éire.
074 953 1919
074 953 1477
conchur.macgiollaeain oegaillimh.ie
|
|
Is as Sleacht Mhánasa, baile fearainn in iarthuaisceart Chontae Dhoire, dó ó dhúchas. Tá sé ag obair mar Fheidhmeannach Teanga in Ionad na hOllscoile, Gaoth Dobhair, áit a mbíonn sé ag teagasc Gaeilge, Scileanna Aistriúcháin agus Scileanna Cumarsáide. Tá Céim Onóracha sa Léann Cheilteach agus Spáinnis aige ó Ollscoil na Ríona, Béal Feirste (1996). Cáilíodh mar mhúinteoir nuatheangacha é i ndiaidh dó Teastas Iarchéime san Oideachas (TICO) a dhéanamh sa bhliain 1997-98. Chaith sé tamall de bhlianta ag teagasc thar sáile agus seal ag léachtóireacht in Ollscoil Uladh, Coláiste Mhig Aoidh.
Tá an-spéis aige i gcúrsaí aistriúcháin agus mionteangacha. Rinne sé an tArd-Dioplóma i Staidéar an Aistriúcháin in OÉ, Gaillimh sa bhliain 2002-03. Bronnadh Céim Mháistreachta air i 2005 i ndiaidh dó tráchtas a scríobh ar an aistriúchán a rinne Breandán Ó hEithir ar Lig Sinn i gCathú. Bhronn Foras na Gaeilge an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí Gaeilge air sa bhliain 2008.