Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.

|
Dé Luain, 14 Bealtaine, 2012: Bronnadh Gradam Náisiúnta na Gaeilge ar an gCainéal iTunes U-GOGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) ag searmanas i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
Is ar champas Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gCarna a rinneadh an obair fhorbartha agus is í COGG a rinne maoiniú ar an tionscadal. Toradh é ar chomhpháirtíocht idir COGG agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh.
“Údar mór áthais d’Ollscoil na hÉireann Gaillimh gur bhain an Cainéal iTunes U-COGG gradam eRialtais amach le gairid. Tugann an gradam aitheantas don saineolas atá á shaothrú sna daonnachtaí digiteacha san Acadamh trí chéile ach go háirithe in Ionad na hOllscoile i gCarna. Bhí ról lárnach ag an gcomhpháirtíocht le RTÉ Raidió na Gaeltachta sa tionscadal mar gur forbraíodh acmhainní foghlama bunscolaíochta an Chainéil ó bhunábhar i gCartlann shaibhir RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ó Chartlanna OÉ Gaillimh féin. Tógann an tionscadal ar an obair dhigithe a rinneadh ar an gcartlann ar champas na Ceathrú Rua roimhe seo.”, a deir Niall Mac Uidhilin, feidhmeannach ríomhaireachta le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
Cuimsíonn an Cainéal iTunes U–COGG acmhainní físe agus fuaime ar mhaithe le sealbhú agus saibhriú na Gaeilge i mbunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Forbraíodh 300 mír fhoghlama nua dírithe go háirithe ar dhaltaí Rang 5 agus 6 sna bunscoileanna. Áiríonn na míreanna foghlama amhráin, dánta, scéalta, faisnéis, tomhasanna, agus míreanna staire. Tá na míreanna á gcur i láthair i gcanúintí éagsúla a roghnaíodh ó bhunábhar i gcartlanna saibhre RTÉ Raidió na Gaeltachta agus OÉ Gaillimh.
Chuathas i gcomhairle le saineolaithe ábhar: Máire Uí Dhufaigh, Inis Oírr agus Bairbre Ní Thuairisg, Scoil Náisiúnta Chamuis, a scríobh na moltaí foghlama le dul in éineacht leis na míreanna. Lárnach sa bpróiseas forbartha freisin bhí Anna Ní Chartúir, Scoil Náisiúnta Leitir Mucú agus Mairéad Ní Chualáin, Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin, beirt mhúinteoirí a bhfuil sárthuiscint acu ar riachtanais fhoghlama teanga scoláirí sna spriocscoileanna. Roinn an bheirt a gcuid ama ar an tionscnamh go fial flaithiúil agus ar bhonn deonach. Inniúlacht Cartlainne Meán a rinne an obair theicniúil agus dearaidh ar an gcainéal. |
Éist leis an gcainéal anois
Má tá iTunes ar do ríomhaire agat, is féidir an cainéal a oscailt díreach trí chliceáil anseo
Mura bhfuil iTunes ar do ríomhaire agat cheana féin, féach ar na treoracha simplí seo .
|
