Is é Áras na Gaeilge lárionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar champas Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bunaíodh Áras na Gaeilge i 1992 agus is ann a reáchtáiltear cúrsaí Gaeilge do mhic léinn agus d’fhoireann na hOllscoile, agus cúrsaí ó Choláistí eile de chuid OÉ Gaillimh a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge. Ina theannta sin tá seirbhísí eile ar fáil in Áras na Gaeilge do mhic léinn agus don fhoireann ar mian leo bualadh le comhluadar Gaeilge eile san Ollscoil, nó ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus í a chleachtadh: tá  Caife na Gaeilge le fáil anseo, mar shampla, agus seomra na gcumann, agus úsáidtear Téatar Uí Chearbhalláin san Áras d’ócáidí sóisialta go rialta i rith na bliana. Is in Áras na Gaeilge atá Roinn na Gaeilge lonnaithe chomh maith, agus cuireann foireann na Roinne cláir léinn i litríocht na Gaeilge agus sa Léann Ceilteach ar fáil.

Áras na Gaeilge - Treoracha


Áras na Gaeilge - Turas 360°

Teagmháil

Teagmháil

Áras na Gaeilge

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Bóthar na hOllscoile, Gaillimh, Éire. T: +353 91 493616

R: arasnagaeilge@oegaillimh.ie