Bunaíodh Ionad Ghaoth Dobhair in 2002 nuair a thug Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair cuireadh d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh gnó teanga na Crannóige a thógáil ar láimh.

Bhí béim láidir pobail ag an Ionad ón tús agus cuirtear cúrsaí ar fáil, ní hamháin i nGaoth Dobhair ach i gcomhar le grúpaí pobail ina gceantair féin cosúil le hÉigse Sheáin Bháin i mBaile na Finne, Ionad Mhachaire Rabhartaigh, Pobal Eascarrach, Céim Aniar sna Dúnaibh, an Chultúrlann i nDoire agus neart eile nach iad. Cuirtear raon leathan gearrchúrsaí ar fáil san Ionad idir chúrsaí Gaeltachta ag leibhéal 8 agus 9 d'ábhair oidí agus do mhic léinn Ghaeilge. Ina theannta sin, reáchtáiltear sainchúrsaí do ghrúpaí faoi leith e.g. An Garda Síochána.  

Tá teanga agus cultúr na nGael beo bríomhar fá Ghaoth Dobhair, rud a ligeann do mhic léinn snas a chur ar a gcuid Gaeilge agus páirt ghníomhach a ghlacadh i réimse leathan imeachtaí cultúrtha agus sóisialta. Tá scoth na n-áiseanna teagaisc san Ionad: seomraí ranga ilchuspóireacha, ríomhlanna nua-aimseartha, leabharlann, seomraí iarléirithe teilifíse chomh maith le stiúideo fuaime. Tá halla mór le stáitse agus córas fuaime ar fáil le haghaidh drámaí, ceolchoirmeacha agus ócáidí eile.

Ionad an Acadaimh, Gaoth Dobhair


Ionad an Acadaimh, Gaoth Dobhair - Turas 360°

Teagmháil

Teagmháil

Ionad an Acadaimh, Gaoth Dobhair

Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F92 V2AW, Éire. T: +353 91 494660

R: gaothdobhair@oegaillimh.ie