Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 1 - Rian 1 Ríl na Mainistreach agus Scléip na hOíche Aréir le Banna Tí an Acadaimh |
Péire cor nó ríleanna atá á gcasadh ag máistrí móra an cheoil Ghaelaigh leis na cianta cairbeacha, agus atá seantaifeadta dá réir, iad seo. Cé go raibh Éire breac ballach le mainistreacha ón séú agus ón seachtú haois, is i bhfad ina dhiaidh sin a saolaíodh an tseoid álainn seo ach, ar nós mórán eile dár gceol, ní fios cé a chum ná cén áit ar cumadh é. Bhí fidléir cáiliúil Shligigh, Paddy Killoran, ar dhuine de na chéad cheoltóirí a thaifead an dara ríl i dtús na ndaichidí ach chuir ríbhoscadóir Thobar Pheadair, Joe Cooley, tuilleadh fuadair fúithi roimh a bhás i 1973; is rímhinic a chuid féin déanta ag Johnny Phádhraic Phíotair de, ní áirím í bheith ar a albam,
Drioball na Fáinleoige.
(Nóta le Meaití Jó Shéamuis)
.
Neansaí Ní Choisdealbha (An Fheadóg Mhór)
Is as Cor na Rón i gCois Fharraige do Neansaí Ní Choisdealbha ó dhúchas. Is ansin a fuair sí blaiseadh den cheol an chéad lá riamh óna hathair, Michael Mheairt Ó Coisdealbha a chasann ar an mbosca ceoil, agus a máthair, Bairbre Joe Staff Seoighe as an gCnoc, Leitir Mealláin ó dhúchas, a chasadh an trumpa. Nuair a chuaigh sí ar Scoil Shailearna in Indreabhán, thug an mháistreás − Máire Bn. Uí Mhainnín, nach maireann − roinnt ranganna ceoil, agus is ansin a thosaigh Neansaí ar an bhfeadóg stáin. Is leis an bhfeadóg a lean sí go dtí gur thug cara mór lena hathair, Meaití Jó Shéamuis Ó Fátharta, feadóg mhór ar iasacht di nuair a bhí sí ceithre bliana déag. Choinnigh sí leis an bhfeadóg mhór as sin amach agus tá craobhacha Uile-Éireann bainte amach aici ar an uirlis sin ag Fleadh Cheoil na hÉireann agus ag Oireachtas na Gaeilge. Is ó bheith ag éisteacht le ceol go síoraí seasta sa mbaile agus a bheith ag casadh ag seisiúin cheoil a d’fhoghlaim sí an chuid is mó dá cuid ceoil.
Thosaigh sí ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta i 1986, áit a bhfuil sí ag obair faoi láthair mar phodchraoltóir & láithreoir ceoil ar an gclár
Béal Maidine, a chraoltar gach maidin Domhnaigh ó 7am go 9am. Bíonn ord ceoil an chláir le fáil ar an suíomh
http://www.myspace.com/neansainichoisdealbha.
D’oibrigh sí ar feadh roinnt blianta le hÁras Mháirtín Uí Chadhain / Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, áit ar ndearna sí stiúradh teicniúil ar an obair mhór a rinne rannpháirtithe na scéime FÁS chun cartlann iomlán RTÉ Raidió na Gaeltachta a dhigitiú. Eagraíonn sí seisiúin agus imeachtaí ceoil ar bhonn rialta don Acadamh. Rinne Neansaí cuid de na rianta atá le cloisteáil ar Subhóró a léiriú.
Tá céim BSc agus Ardteastas san Oideachas ag Neansaí agus tá cónaí uirthi faoi láthair i nDoire Bhanbh i gCamas lena fear céile, Paddy Ó Fiannachta, agus a mbeirt iníonacha, Cliodhna agus Aisling.
Meaití Jó Shéamuis (An Fheadóg Mhór)
Amhránaí, ceoltóir agus craoltóir ó Ghaeltacht Chois Fharraige é Meaití a bhfuil an domhan mór taistealta aige. Bhí an ceol agus na hamhráin ina mhuintir i bhfad siar. Bhí cáil ar mhuintir a mháthar, Clainne ’ic Dhiarmuda, as a stór fairsing seanchais agus amhránaíochta agus is ó mhuintir Fhátharta a tháinig an ceol uirlise.
Fuair sé a chuid bunscolaíochta i Scoil Naisiúnta Shailearna, áit ar chuir múinteoir óg as Claí Bán na Gaillimhe, Risteárd Ó Tiarnaigh, dlús le ceol na feadóige i lár na gcaogaidí. Uncail leis agus a chomhainm, Máirtín Shéamuis Ó Fátharta, a chinntigh an chuid eile agus de réir a chéile a chuir le stór maith sheancheol damhsa thraidisiúnta an ghearrstócaigh óig. Is é an t-uncail céanna, de bharr a aithne siúd ar an gcuairteoir cáiliúil chun an cheantair, Breandán Breathnach, a fuair a chéad deis píoba uilleann do Mheaití in aois a thrí bliana déag − uirlis thar a bheith neamhchoitianta san áit an t-am sin. Dhá bhliain déag ina dhiaidh sin, thaifead an craoltóir óg an fonn aitheantais ar an trumpa béil, a fuair sé óna uncail Máirtín, don stáisiún nua raidió, Raidió na Gaeltachta.
Ba i gcomórtais cheoil agus amhránaíochta na féile bliantúla, Feis Cheoil an Iarthair, i nGaillimh, ba thúisce a ghlac Meaití páirt agus a ghnóthaigh sé duaiseanna de bharr dúthracht scoth múinteora eile dá chuid − príomhoide na bunscoile, Pádhraic Ó Ciardha. Sheas sin leis nuair a thug sé craobhacha ceoil, amhránaíochta agus portaireacht bhéil leis ag féilte Oireachtais, fleánna ceoil agus féilte éagsúla eile agus é ina fhear óg. Bhain sé Corn Uí Riada sa bhliain 2001 i ndiaidh dó Corn Shean-nós na bhFear a bheith tugtha leis aige faoi dhó roimhe sin, i 1992 agus i 1998.
D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta dlúthdhiosca dá chuid amhrán, Bóithríní an Locháin, sa bhliain 2003 agus tá fáil ar cheol agus amhráin leis ar roinnt eile foilseachán freisin anonn is anall.
De bharr a shaothair taifeadta le beagnach ocht mbliana déag is fiche, tá ceann de na bailiúcháin cheoil agus amhráin dúchais is cuimsithí sa tír i gCartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta − an tseirbhís chraolta lenar soláthair Meaití na cláir Lán a’ Mhála ó 1995 ach a chuaigh ar an aer i dtosach i dtús an tsamhraidh 1972!
Tá Meaití ag casadh ceoil agus ag gabháil fhoinn agus ag roinnt a chuid eolais in ionaid éagsúla an Acadaimh le fada an lá.
Johnny Connolly (An Mileoidean)
Is é Johnny Connolly rí an mhileoidin. Is é a mhúscail an athbheochan suime san uirlis seo agus ní bréag a rá gurb é faoi deara an líon mór ceoltóirí óga atá anois ag foghlaim na huirlise seo i gceantar Chonamara agus níos faide ó bhaile.
Is ar Inis Bearchain − oileán beag amach ó Leitir Móir − a rugadh Johnny agus is ann a thosaigh sé ag casadh an mhileoidin den chéad uair. Is ar an gcairdín a dhírigh sé le linn dó a bheith ar imirce i Sasana agus choinnigh sé air á sheinm nuair a d’fhill sé ar Chonamara. Níor chrom sé ar an mileoidean a chasadh arís go dtí an bhliain 1991. Tharraing a chéad albam, An tOileán Aerach ar lipéad Chló Iar-Chonachta, go leor airde as ucht fheabhas an cheoil agus chuir an taifead seo an mileoidean i láthair phobal an cheoil thraidisiúnta an athuair. I 1998, eisíodh an dlúthdhiosca Drioball na Fáinleoige i gcomhar le Charlie Lennon agus Steve Cooney agus d’fhill sé arís ar an stiúideo in 2004 nuair a thaifead sé An Mileoidean Scaoilte.
Cé go bhfuil an domhan mór siúlta ag Johnny, is i gConamara atá a chroí agus casann sé go rialta Tigh Hughes sa Spidéal, áit a gcuireann sé na múrtha fáilte roimh cheoltóirí agus éisteoirí araon.
Is minic a chasann Johnny na gConnollys ag ócáidí sóisialta a eagraíonn Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i dteannta a chairde − Meaití Jó Shéamuis, Neansaí Ní Choistealbha agus Tommy Mellott.
Adrian Ó Brádaigh (An Pianó)
Is as Cill Aichidh, Uíbh Fhailí don cheoltóir Adrian Ó Brádaigh agus d’fhoghlaim sé a chuid ceoil sa bhaile óna thuismitheoirí, John agus Eileen. Múinteoir agus cumadóir ceoil é John agus múinteoir damhsa í Eileen agus í ina deirfiúr ag an mboscadóir aitheanta, Tommy Maguire – casann John an fheadóg mhór agus Eileen an bosca ceoil. Ba mhór an tionchar a bhí ag a bheirt deirfiúracha, Attracta agus Lelia, agus ag a dheartháir, John, air agus iad ar fad ina gceoltóirí traidisiúnta, freisin.
Tá Adrian le cloisteáil ar an dlúthdhiosca The Grouse in the Heather a taifeadadh ar son Chomhairle Contae Uíbh Fhailí agus atá ar fáil ag http://www.offaly.ie/. Chomh maith leis sin, casann sé ar an dlúthdhiosca The View Across the Valley, a seoladh in 2007 – tá eolas breise maidir leis an dlúthdhiosca sin ar fáil ag http://www.comhaltas.ie/. Casann sé an fheadóg stáin, an fheadóg mhór agus an pianó.
Is múinteoir Gaeilge agus Tíreolaíochta é Adrian ach tá an MA (Léann an Aistriúcháin) ar bun aige faoi láthair san Acadamh ar an gCeathrú Rua.
Chum a athair an chéad ríl The Titanic agus is mór an cháil atá ar an bhfear a chum an dara ríl, Larkin’s 25th − Paddy O’Brien ó Thiobraid Árann. Casann sé an dá cheann acu ar an bhfeadóg stáin agus Freda Nic Giolla Catháin mar thionlacaí ar an gcruit aige.
Freda Nic Giolla Chatháin (An Consairtín)
Rugadh agus tógadh Freda gar do Bhaile Átha Luain i gCo. na hIarmhí, ach tá cónaí uirthi i gCathair na Gaillimhe le cúpla bliain anuas. Thosaigh sí amach ar an bhfeadóg stáin agus ina dhiaidh sin d’fhreastail sí ar cheachtanna ar an bpianó. Níor thosaigh sí ar an gcláirseach go dtí go raibh sí ina déagóir. Bhain sí céim amach sa Nua-Ghaeilge agus sa Cheol i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus ba le linn na tréimhse sin a chuir sí consairtín ina láimh den chéad uair. Bhuaigh sí Craobh Uile-Éireann ar an gcláirseach ag Fleadh Cheoil na hÉireann i 1999 agus bhuaigh sí an comórtas sinsearach an bhliain chéanna ag Féile Uí Chearbhalláin i gCéideadh, Co. Ros Comáin.
Bhain sí iarchéim amach i Riarachán na nEalaíon in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus tá sí ag plé faoi láthair le MA (Léann an Aistriúcháin) in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Chaith sí cúpla bliain ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ar cheann de na cúraimí a bhí uirthi ansin bhí eagrú Thuras na bhFilí − camchuairt le filí, ceoltóirí agus amhránaithe na hÉireann agus na hAlban. Rinne sí tréimhse oiliúna san Ard-Stiúrthóireacht Oideachais agus Cultúir i gCoimisiún na hEorpa. Bhí sí ina hOifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle Contae Ros Comáin, áit a raibh sí freagrach as an nGaeilge agus na healaíona traidisiúnta a chur chun cinn sa chontae sin. Chaith sí seal ag obair mar oifigeach riaracháin i dTaibhdhearc na Gaillimhe.
Tá turais cheoil déanta ag Freda le Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus le grúpaí éagsúla eile. Tá turais déanta aici sna tíortha seo a leanas: Sasana, Albain, an Fhrainc, an Spáinn, an Bheilg, an Iodáil, an Phortaingéil, Poblacht na Seice, Meiriceá Thuaidh, Ceanada agus an Bhrasaíl. Chaith sí ocht mí ag seinm ceoil i dteach tábhairne Gaelach in Puerto Rico in Gran Canaria. Tá sí díreach tar éis turas ceoil a dhéanamh ar chósta thiar Mheiriceá le grúpa ceoltóirí ó Chathair na Gaillimhe − The Galway Ramblers. Sheinn siad ag an bhféile cheoil, Northwest Folklife Festival, agus ansin chuaigh siad ar camchuairt síos an cósta trí Oregon, California chomh fada le San Francisco. Seinneann sí go rialta ag seisiúin éagsúla cheoil timpeall Chathair na Gaillimhe agus ag féilte ceoil ar fud na tíre agus bíonn sí ag seinm ar an gcláirseach ag bainiseacha chomh maith. Tá tuilleadh eolais le fáil ag na seoltaí seo:
fredaharp
gmail.com;
http://www.galwayramblers.com/
