Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 1 - Rian 10: Bó na Leathadhairce le Bernie Ní Mhuircheartaigh agus Fergal Breathnach le Freda Nic Giolla Chatháin |
![]() |
Rugadh agus tógadh Bernie Ní Mhuircheartaigh, nó Bernie Pháid mar is fearr aithne uirthi, i gcúinne ceolmhar Chorca Dhuibhne. Spreagadh chun ceoil í ag aois an-óg toisc suim mhór a bheith ag a muintir i dtraidisiún na n-amhrán. B’amhránaí clúiteach sa dúiche é a hathair, Páid Pheats Phaid, agus is mó amhrán a dúirt sé féin agus Josie Pháidín, máthair Bernie, i bhfochair a chéile. D’eisigh sí a dlúthdhiosca Spideoigín in 2003, tar éis di cúrsa sa cheol traidisiúnta a dhéanamh i gColáiste Bhaile Formaid. Tá cúpla rian ón dlúthdhiosca sin le cloisteáil ar a suíomh idirlín: www.myspace/berniephaid.com. Tá canta agus seinnte aici le mórchuid ceoltóirí clúiteacha, ina measc: Luka Bloom, Danielle Caruana, Steve Cooney, Eoin Duignan, Shane Howard, Liam Ó Maonlaí, Nábac, Mossie Ó Scanláin, Pauline Scanlon, Tony Small agus John Spillane. |
Is amhrán é seo a d’fhoghlaim Bernie sa bhunscoil agus a chantar i gCorca Dhuibhne. De réir Bhreandáin Uí Bheaglaoich, is ag cur síos ar dhéantús an bhraoinín bheannaithe atá an t-amhrán seo. Tá an file ag caoineadh a shlí beatha agus an cúpla punt a thuilleadh sé ar a cheird!
curfá
Bó, bó, bó na leathadhairce
Bó, bó, ’sí an tseanchaor adharcach
Bó, bó, bó na leathadhairce
Bó dhroimhionn dhearg is ní fheadair cá bhfaighinn í
Thíos cois na toinne ’sea beathaíodh mo chaora
Ag Diarmuid Ó Díoláin ó Bharra na hAoine
Mac dearthár athar dom a chuir le faill í
Easpa tobac a bhí ar an gcladhaire.
B’fhearr liom ná scilling go bhfeicfinn mo chaora
’Teacht go dtí an doras ar maidin nó istóiche
Thálfadh sí bainne orm, bheathódh sí uan dom
Chuirfeadh sí seaicéidín deas ar mo ghualainn.
Chonacsa beirithe í, chonacsa á roinnt í
Chuireas-sa dúil inti ach blaise ní bhfaighinn di
ó nár dheas í, ó nár mheidhreach
ó nár dheas í an tseanchaor adharcach.
Dá mbeinnse i rachmas, i ngradam is in oidhreacht
Thabharfainnse giní ar chúpla greim di
Ó nár dheas í, ó nár mheidhreach
Ó nár dheas í an tseanchaor adharcach.
D'íosfainn lán píce di, d'íosfainn lán oighinn di
D'íosfainn stráice den tseanchaor adharcach
Ó nár dheas í, ó nár mheidhreach
Ó nár dheas í an tseanchaor adharcach.
