Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 1 - Rian 11: Rós Inis Oírr le Caitríona Ní Chonaola agus Úna Ní Fhlannagáin |
![]() |
Caitríona Ní Chonaola Is as Camas i gConamara do Chaitríona Ní Chonaola. Bíonn sí ag gabháil don aisteoireacht, scríbhneoireacht próis, cumadóireacht amhrán agus fonnadóireacht sean-nóis. Bíonn sí ag gabháil don drámaíocht chomh maith agus bhí dráma dá cuid, Incubus, ar stáitse na Taibhdheirce in 2005. Tá gradaim agus duaiseanna buaite aici as a cuid saothair. Is Feidhmeannach Teanga í Caitríona agus tá sí ag obair in Ionad an Acadaimh ar an gCeathrú Rua ó 2005. |
Úna Ní Fhlannagáin
Chum Caitríona an píosa seo do chara léi a bhí ag glacadh páirte i gcomórtas ’Rós Inis Oírr’ in 2008. Tá Úna á tionlacan sa chéad phíosa le fonn an-fheiliúnach − Inis Oírr − a chum Thomas Walsh. Is é Spórt − port a chum Peadar Ó Riada − atá á leanúint.
Nuair a bhí Rós Inis Oírr ag teacht ar an saol,
Bhí meangadh beag gáire ar a béilín.
’S nuair a thosaigh sí ag fás bhí iontas ar chách
Go raibh fáinne buí óir ar a méirín.
Níl dealg ná cealg ag Rós Inis Oírr
Mar níl fuath ina croí aici d’éinne.
Bíonn sí ag damhsa faoi sholas na gealaí
’S ar maidin faoi sholas na gréine.
Níl tuirse ná leisce ar Rós Inis Oírr
Cé go mbíonn sí ina suí ins an oíche.
Is mar a chéile di é an lá inniu ’s an lá inné;
Maidin Dé Luain is Dé hAoine.
Tá Rós Inis Oírr go múinte ’s go lách,
Bíonn sí néata ’gus béasach i gcónaí.
Ní chumann sí bréag go brách ná go héag
Agus téann sí ar aifreann an Domhnaigh.
Ólann sí deoch go luath ’gus go moch
Ach ní théann sí thar fóir leis in aon chor;
Fágann sí braon ag a cairde ’s a gaol
Agus ólann siad blogam in éineacht.
Is í Rós Inis Oírr an Róisín is áille,
’Sí an bláithín is deise í sa ngairdín.
Seasann sí suas in aghaidh teas agus fuacht
In aghaidh gaoth aduaidh ’gus sáile.
Nuair a thaganns an bháisteach ’sí a bhíonns gealgháireach
Ní bhíonn straois ná pus ar a héadan,
’s nuair a thaganns an ghaoth ní leagann sí í
Mar seasann sí a talamh go spéiriúil.
Níl uaigneas ná brón ar Rós Inis Oírr
Mar ní bhíonn sí riamh ina haonar;
Tá na rósanna eile ansiúd lena taobh
Is tugann siad foscadh dhá chéile.
