Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 1 - Rian 12: An Gearrchaile ar an bhFaiche / Aonach Dhomhnach Broc le Colm Gannon agus Mick Conneely |
![]() |
Is i mBostún, Massachusetts a fuinneadh agus a fáisceadh an boscadóir Colm Gannon. Is de bhunadh Chonamara é: ón Droim i Leitir Móir a athair, John Gannon agus ón Tuairín dá mháthair, Gerry. Is óna athair agus a dheartháir, Seán, a d’fhoghlaim Colm a chuid ceoil; bhíodh ceol i gcónaí sa teach agus bhí tionchar mór ag leithéidí Sheáinín Phat Mylea Mhic Dhonncha, Kevin Coyne, Finbarr Dwyer, Joe Burke agus Martin MacMahon ar an nGeannánach óg. In, 1998 bhog sé go hÉirinn agus go gairid ina dhiaidh sin chroch sé a sheolta arís agus chaith sé ceithre bliana ag casadh ceoil le Riverdance. D’fhill sé ar an Droim in 2003 agus is ann atá sé ag cur faoi ó shin. Is sa bhliain chéanna a d’eisigh sé a chéad dlúthdhiosca aonair, a tharraing ardmholadh ó chách , Return To Droim. Beifear ag súil lena mhacasamhail arís nuair a eiseofar a chéad saothar eile go luath. Rinne Colm Gannon Cúrsa na nEachtrannach agus ranganna Gaeilge in Áras Mháirtín Uí Chadhain in 2005. |
Is duine d’fhidléirí cáiliúla na linne seo é Mick Conneely a bhfuil meas dá réir air freisin. Rinne sé cuid mhaith camchuairteanna agus chas sé ceol i dteannta: Dé Danann, Mary Bergin, Frankie Gavin, Máirtín O’Connor, Noel Hill & Tony Linnane, Tony Mac Mahon & Micho Russell, Matt Molloy, Kevin Crawford, Lúnasa, Dave Munnelly, Carl Hession, Niall Ó Callanáin, Svend Kjeldsen agus Michael McGoldrick. Tá a chuid ceoil le cloisteáil ar roinnt mhaith albam agus tá Selkie − an chéad albam aonair a rinne sé féin, agus a bhfuil ardmholadh air − ar fáil ar lipéad Chló Iar-Chonnachta.
In éineacht lena chomrádaí, Alec Finn, tá an basúcaí Gréagach curtha faoi bhráid lucht an cheoil thraidisiúnta. Is múinteoir fidléireachta é chomh maith a bhfuil an-éileamh air, agus tá sé ag múineadh le blianta fada ag Scoil Samhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach.
