Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 1 - Rian 13: Coinleach Glas an Fhómhair le Muintir Uí Dhubhghaill |
Tá Muintir Uí Dhubhghaill ag canadh agus ag seinm ceoil ó bhíodar an-óg. Ar an rian seo tá Pádraig le cloisteáil ar an ngiotár, Máire Treasa ag canadh agus Mícheál ar an veidhlín. Bhí Mícheál ag casadh an veidhlín leis an Galway Youth Orchestra ar feadh cúig bliana agus bhí sé mar bhall den cheolfhoireann nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann. Chomh maith leis sin bronnadh an gradam don cheoltóir uirlise ab fhearr san fhéile air i rith an Wexford Opera Festival in 2001 agus 2008. Bhí sé ina bhall den ghrúpa ceoil Ceolan agus chas leo ar an dlúthdhiosca A Year, A Month and A Day. Le roinnt blianta anuas tá sé mar bhall den ghrúpa Kushla agus cloistear é ag casadh ceoil agus ag canadh i Luimneach leis féin nó in éineacht leis an ngrúpa cáiliúil Free Beer.
Seinneann Pádraig an giotár agus tá sé ag déanamh staidéir ar an gceol digiteach in Ollscoil Luimnigh faoi láthair. Is amhránaí breá í Máire Treasa agus tá sí ag obair mar láithreoir le TG4. Bíonn sí féin agus a muintir cheolmhar le cloisteáil go minic agus iad ag casadh le chéile i dtithe ósta i gceantar Chois Fharraige.
Chríochnaigh Máire Treasa an cúrsa Dioplóma sa Drámaíocht, a bhí á reáchtáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua.
Is amhrán álainn grá ó Chúige Uladh é Coinleach Glas an Fhómhair. Is ionann an leagan den amhrán atá le cloisteáil ar an dlúthdhiosca seo agus an leagan atá ag an ngrúpa Clannad.
Muintir Uí Dhubhghaill - Micheál, Máire Treasa & Pádraig
Ar choinligh ghlais an fhómhair, a stóirín, gur dhearc mé uaim.
Ba deas do chos i mbróig is ba ródheas do leagan siúil,
Do ghrua ar dhath na rósaí is do chúirníní bhí fite dlúth.
Monuar gan sinn ár bpósadh nó ar bord loinge ag triall chun siúil.
Tá buachaillí na háite seo ag gártha agus ag éirí teann
Is lucht na gcocán ard ag déanamh fárais do mo chailín donn.
Dá ngluaisfeadh Rí na Spáinne thar sáile is a shlóite cruinn,
Bhrúfainn féar is fásach is bheinn ar láimh le mo chailín donn.
