Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 1 - Rian 14: Suantraí na Mná a Tugadh As le Lillis Ó Laoire |
![]() |
Is as Gort an Choirce i dTír Chonaill do Lillis Ó Laoire – ’Tír na mBearád’, mar a thugann daoine áirithe ar cheantar Chloich Cheann Fhaola; tá sé ag baint faoi anois le seal in Eanach Dhúin, ar Achréidh na Gaillimhe – ceantar a bhfuil roinnt Gaeilge ann i gcónaí. D’fhoghlaim Lillis gach saghas amhráin ag éirí aníos dó, agus bhí gean ar leith aige ar amhráin Ghaeilge. Amach sna déaga a chuir sé suim i stór agus i stíl an tsean-nóis den chéad uair agus lean sé de ó shin. Bhuaigh Lillis Corn Uí Riada ag an Oireachtas faoi dhó, i 1991 agus i 1994. Rinne sé roinnt taifeadtaí in imeacht na mblianta chomh maith – ceann aonair Bláth Gach Géag dá dTig le Cló Iar-Chonnachta, agus ceann leis an gcomhlacht Breatnach Fflach dar teideal Datgan i bpáirt le hamhránaithe as na tíortha Ceilteacha eile . Foilsíodh é sin faoi cheadúnas sna Stáit Aontaithe faoin teideal Celtic Tales and Tongues agus is féidir é a íoslódáil ó iTunes! Ghlac Lillis páirt mar amhránaí sa chéad sraith den dráma teilifíse Battlestar Galactica faoi stiúir Bear McCreary, cumadóir ceoil na sraithe. "Siúlaigí a chairde" is teideal don amhrán agus d’aistrigh Lillis féin na focail go Gaeilge. |
Tá taighde déanta ag Lillis ar an amhránaíocht i dToraigh i dTír Chonaill agus i gContae na Gaillimhe. Rinne sé scannán beathaisnéise den amhránaí Dara Bán Mac Donnchadha (1939-2008) sa bhliain 1998 i bpáirt le hAcadamh Ceoil agus Rince Ollscoil Luimnigh agus leis an chomhlacht JDM Productions, a bhfuil éileamh i gcónaí air.
Múineann Lillis cúrsaí ar an Bhéaloideas i Roinn na Gaeilge, i Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus an Chultúir, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus is é stiúrthóir acadúil an Dioplóma i Léann an Traidisiúin é, a ritear i gcomhpháirt idir Roinn na Gaeilge agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, ar thrí láthair amach ó Phríomhchampas na hOllscoile – i nGaoth Dobhair, i gCarna agus sa Daingean. Beidh sé ag críochnú leabhair ar shaol agus ar shaothar Sheosaimh Uí Éanaí i bpáirt leis an Ollamh Sean Williams, as Evergreen State College, Olympia, Washington, le linn na bliana acadúla 2009-10, mar chuid de scéim taighde IRCHSS. Beidh láithreán gréasáin á thógáil mar chuimhneachán ar Sheosamh Ó hÉanaí chomh maith.
Le linn a óige, bhí Lillis go mór faoi thionchar an bhailitheora béaloidis Seán Ó hEochaidh as Teileann, i ndeisceart Thír Chonaill, a raibh cónaí air i nGort an Choirce. Suantraí atá san amhrán atá aige ar an rian seo − amhrán faoi bhean a tugadh as isteach i mbruíon na ndaoine maithe, ach a raibh súil aici go dtiocfadh a deirfiúr i gcabhair uirthi. Bhí an deirfiúr ag baint fraoigh faoin bhinn a raibh dún bhunadh na gcnoc ann agus rinne an bhean a fuadaíodh iarracht teachtaireacht a chur chuici faoi cheilt i bhfoirm amhráin. Is cosúil nár éirigh leis an deirfiúr an teachtaireacht a thuigbheáil. Ó Mháire Shéamuis, bean Uí Cheallaigh, as an Bhaile Mhór i dTeileann, a thóg Seán Ó hEochaidh an t-amhrán agus an scéal. D’fhoilsigh sé é ar an iris Béaloideas (XXIII), agus arís sa bhailiúchán cháiliúil Síscéalta Ó Thír Chonaill (Baile Átha Cliath, 1977). Níl fonn ar bith luaite leis na focail seo i gceachtar den dá fhoilseachán. Chuir Lillis leagan den fhonn a bhí le ’Suantraí Hiúdaí’ leis, a chan Skara Brae, mar gur léir dó gur fhóir sé go maith do na véarsaí. Tá cosúlacht ag an fhonn seo le foinn atá ar shuantraithe eile fosta.
san oíche ’réir a tugadh ó m’fhear mé
Ár ngnúis le chéile ó shin ní fhaca muid.
An Cealgadh:
Huis a ba lí agus húis a ba lí
Huis a ba lí agus codail a leanbh bán!
Tá min eorna agam is tá min choirce agam
Is tá min seagail le dórtadh amach agam.
An Cealgadh
A dheirfiúr dhílis is a dheirfiúr charthanach
Siúd chugat an fear mór is a scian faoin’ ascaill leis.
An Cealgadh
Níor sníomhadh an gréasán caol nó garbh
Ach dhá shlait déag a chuaigh ar stéis mo leanbh bán.
An Cealgadh
A dheirfiúr dhílis is a dheirfiúr charthanach
Ceangail an beairtín is bí ag gabhail abhaile leis.
An Cealgadh
A dheirfiúr dhílis is a dheirfiúr charthanach
Ní rachaidh mé chóich go Baile Uí Iodharláin
An Cealgadh
A dheirfiúr dhílis a dheirfiúr charthanach
Bris an t-iarann, agus caith a barr orm.
An Cealgadh
Níor ith mé greim agus níor ól mé deoch acu
Ach na preátaí fuarbhruite a bhí ar dhrisiúr m’athara.
An Cealgadh
Tá mo leabaidh cóirithe is an luachair croite agam
Is Níon Uí Mhórtha le theacht ar cuairt agam.
An Cealgadh.
