Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 1 - Rian 16: Táilliúir a’ Mhagaidh le Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha |
![]() |
Is as an Aird Thiar i gCarna do Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha. Bhí saibhreas an chultúir amhránaíochta ina thimpeall sa cheantar agus é ag éirí aníos agus go deimhin fuair sé oiliúint mhaith sa traidisiún sin ar leac an teallaigh, mar gur fonnadóir den scoth a bhí ina athair roimhe, Seán Jeaic Mac Donncha, a bhuaigh craobh an Oireachtais sa sean-nós sa bhliain 1943. Tá an chraobh chéanna buaite faoi thrí ag Josie - Corn Chomhlacht an Oideachais mar a thugtaí an uair sin air i 1971, agus Corn Uí Riada sna blianta 1978 agus 1982. Thosaigh Josie ag gabháil fhoinn go poiblí den chéad uair ag Feis Charna agus é ina dhéagóir agus ghlac sé páirt san Oireachtas den chéad uair agus é sna fichidí. |
Tá aithne go forleathan ar Josie mar go n-eagraíonn sé imeachtaí ceoil agus amhránaíochta agus is maith uaidh iad a chur i láthair freisin mar fhear tí. D’eagraigh sé ceolchoirm mhór Chomóradh 10 mbliana Ionad an Acadaimh (Áras Shorcha Ní Ghuairim) i gCarna i Mí na Samhna na bliana 2008, agus bhí ealaíontóirí agus lucht freastail ó fhad is ó ghearr páirteach sa cheolchoirm chéanna. Chaith Josie bliain mar Amhránaí Cónaitheach Ionad an Léinn Éireannaigh, Ollscoil na hÉireann Gaillimh i 2003-04, agus mar chuid dá chuid oibre d’eagraigh sé ceardlanna amhránaíochta agus coirmeacha ceoil don uile aoisghrúpa.
Bhí lámh freisin ag Josie i mbunú Chumann Amhránaíochta Iorras Aithneach, seisiún amhránaíochta agus ceoil a reáchtáiltear ina cheantar dúchais ar an Satharn deireanach de gach mí. Deir sé gur ceann de na haidhmneanna móra atá ag an ócáid seo ná daoine nach dtéann ag comórtais a spreagadh le hamhráin a chasadh.
Tá turais tugtha ar Shasana ag Josie le Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus ar Albain mar chuid de Chuairt na bhFilí, agus tá cuimhne ar leith aige ar an uair a chuaigh sé ar thuras go dtí an Libia, sa bhliain 1976, le Comhaltas Ceoltóirí Éireann.
Is iad an dá mhórthaifead a rinne Josie ná Josie Sheáin Jeaic (Cinq Planets, 2000) agus Ó na Sceirdí Aniar (Gael Linn, 1987) . Ghlac sé páirt freisin sa scannán ’The Irishmen – An Impression of Exile’ a rinneadh sna seascaidí agus sa tsraith ’Atlantean’ a stiúir Bob Quinn sna hochtóidí.
Is iascaire agus seoltóir é Josie agus tá sáreolas aige ar oileáin agus ar charraigeacha a cheantair dhúchais agus an seanchas a théann leo, mar a léirigh sé níos luaithe i mbliana nuair a roinn sé a chuid ama go fial le grúpa mac léinn san Acadamh a raibh tionscnamh á dhéanamh acu ar bhéaloideas an cheantair.
Táilliúir an Mhagaidh atá á chasadh ag Josie ar an taifead seo, amhrán taitneamhach i bhfoirm chomhrá idir an Táilliúir atá ag lorg mná agus an bhean a dhiúltaíonn dó. Deir Josie go bhfuil cúpla véarsa sa leagan seo nach gcloistear ag fonnadóirí ach go hannamh, agus gurbh óna athair féin a chuala sé iad, is iad sin véarsaí a trí agus a seacht.
Agus thíos ag an tobar ’sea chuir mise an fáinne amú,
Is ann a dhearc mé an ainnir ba deise is ab áille snua,’
Bhí a dá grua thrí lasadh is a leicne mar bhláth na n-úll,
Is má mheall sí mise níor lig sí mo shláinte liom.
Is dhá mbeadh ’fhios agamsa go raibh tú aréir a’ teacht
D’osclóinn an doras is ligfinn thú fhéin isteach,
Chóireoinn do leaba is luífinn in éindí leat,
Is bhainfinn póg mhilis taobh ’muigh de do bhéilín deas.
Is a Mháire Ní Ghaillimh nár dheas iad do phéire bróg
De chraiceann an asail is é gearrtha le scian Sheáin Mhóir,
Do chóitín donn daite a bhí fite ar thogha an tseoil,
Is a Dhia is a Mhic Dara nár dheas an rud lánúin óg.
Is a Tháilliúir a’ Mhagaidh ní phósfaidh mé thú mar fhear,
Ach pósfaidh mé an fear úd a dhéanfas go domhain a theach,
A éireos ar maidin is a chraithfeas an síol i gceart,
Is nach mbeidh suite cois dorais a’ feadaíl ná a’ ruaigeadh cearc.
Is a Tháilliúirín suarach nach postúil a d’iarr tú bean,
Gan teach agat ná áras ná áit agat a dtabharfá í isteach,
Ach do shiosúr is do mhiosúr is thú ag imeacht ó theach go teach,
Ach téirigh abhaile is abair nach bhfuair tú an bhean.
Ó ’gus tá bean agamsa is caithfidh sí pípín ’fháil,
Is tá bean eile agam is caithfidh sí snaoisín ’fháil,
Tá bean eile agam is caithfidh sí gach ní ’fháil,
Ach mo dhiomú do chailleachaí nach deacair iad ’iongabháil.
Is bhí mé lá cheana ar Aonach an Turlaigh Mhóir,
A’ díol is a’ ceannacht ar nós na seacht sinsear romham,
Bhuail bean bleid orm is chuaigh muid isteach ag ól,
Is le cúram na hanachain a d’ól muide luach na bó.
Ach san áit a mbíonn foscadh bíonn feochadáin ann is féar,
Bíonn ceol ag na meachain ag ól meala de bharr na gcraobh,
Tá an bradán rua reatha ann is an eascann a’ snámh go réidh,
Is mo stóirín dhá mealladh ar maidin le fáinne an lae.
