Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 1 - Rian 17: Tar Liom, a Chailín Liom le Aerach |
Bunaíodh an grúpa Aerach ar lá ’le Pádraig, 2007 nuair a rinne siad a gcéad gig sa teach tábhairne, Tír na nÓg, in Indreabhán. D’éirigh thar cionn le h Aodán Ó Maoileoin, a chol ceathrar Siobhán Ní Mhaoileaoin agus a gcara Mícheál Ó Scanláin agus is ó neart go neart atá siad ag dul ó shin. Ceol tíre is mó a chasann siad chomh maith le ceol Gaelach, bailéid agus rac-cheol.
Ní raibh Aerach ach cúig mhí ar an bhfód nuair a thug siad leo an chraobh i gcomórtas mór de chuid TG4 – Ceol Tíre agus as sin fuair siad an deis albam a thaifeadadh. Eisíodh an dlúthdhiosca Scorach – a ainmníodh in onóir dá ndlúthchara, Máirtín Óg Ó Cualáin, beannacht Dé lena anam – ar lá ’le Pádraig, 2008. Is ar an dlúthdhiosca sin atá an t-amhrán Siar go Conamara, amhrán a mbíonn an-tóir air i measc éisteoirí RTÉ RnaG; go deimhin is é an t-amhrán is mó iarratas ar an stáisiún é! Is é Páraic a’ Táilliúra Ó Conghaile ó Ros a Mhíl a chum an t-amhrán. Ní hé amháin a bhíonn ag scríobh dóibh: tá amhráin le h Úna de Bhailís agus Tomás Ó Gríofa taifeadta acu freisin. Chas Aerach go minic le Mike Denvir, Mick Flavin, Louise Morrissey agus Shane Downey. Sheinn siad i Sasana, Meiriceá agus fiú amháin ar thuras mara ar an Meánmhuir agus bhain siad an-sásamh as a bheith ag casadh i Staid an Phiarsaigh do Chraobh an Chontae san Iománaíocht roinnt blianta ó shin.
Is é Aodán Ó Maoileoin a bhunaigh an grúpa. Is as Baile na hAbhann d’Aodán agus tá cúlra láidir ceoil aige. Thosaigh sé ag foghlaim an mhéarchláir agus é óg agus blianta ina dhiaidh sin, phioc sé suas giotár agus b’shin é! Is rinceoir Gaelach cumasach é agus go leor craobhacha faoina ascaill aige, craobh an domhain san áireamh! Chaith sé cúpla bliain ag damhsa go proifisiúnta le Riverdance, Dance on the Moon agus Lord of the Dance. Is é Aodán a chasann an giotár leis an ngrúpa agus casann sé amhráin freisin. Rinne Aodán an cúrsa Dioplóma sa Ghaeilge agus Ríomhaireacht in Áras Mháirtín Uí Chadhain sna blianta 2002 – 3 agus tá sé ar ais i mbun staidéir arís agus é ag gabháil den BA sa Chumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
Is í Máire Pheitir Uí Dhroighneáin an chéad mhúinteoir amhránaíochta a bhí ag Siobhán Ní Mhaoileoin agus is iomaí comórtas ar ghlac sí páirt iontu agus í níos óige. Casann sí go minic ag bainiseacha agus ócáidí eile. Is í a chasann an méarchlár sa ghrúpa. Roghnaíodh í le páirt a ghlacadh sa chomórtas bliantúil amhránaíochta i gclub Coyotes i nGaillimh agus d’éirigh léi dul trí chúpla babhta.
Bhí suim i gcónaí ag Mícheál Ó Scanláin sa cheol ach níor thosaigh sé á chasadh go dtí gur bunaíodh Aerach – fuair sé cúpla ceacht giotáir agus bhí leis! Is breá leis ceol tíre, Randy Travis agus Mike Denvir go háirithe. Is é a ritheann an teach tábhairne, Tigh Khitt in éineacht lena athair, Garry.
In éindí le Aerach ar an rian seo tá Martin Joe Ó Flatharta ó Dhoire Fhearta Beag, an Cheathrú Rua. Is ar an méarchlár atá sé le cloisteáil ar an rian seo. Bíonn Martin Joe le cloisteáil go minic thart timpeall Chonamara lena leathbhádóir ceoil, Anna Marie Nic Dhonnchadha. Chaith Martin Joe roinnt blianta leis an ngrúpa ceoil, Fáilte. Casann sé an bosca ceoil freisin.
Roghnaigh Aerach an t-amhrán Tar Liom, a Chailín Liom mar gheall gur amhrán é nach gcloistear rómhinic sa lá atá inniu ann. Taitníonn an ceol agus na focail go mór leo ar fad. Leagan Gaeilge atá anseo den amhrán Will You Go, Lassie, Go. Is é Pádraig Ua Maoileoin a d’aistrigh an t-amhrán Albanach sin agus is é a chan an chéad lá riamh é leis an ngrúpa, na Shandies. Tá líne nó dhó athraithe ag Aerach.
Aodhán Ó Maoileoin, Siobhán Ní Mhaoileoin, Micheál Ó Scanláin & Martin Joe Ó Flatharta
Tá am an tSamhraidh ag teacht
Is duille ar chrainn go fairsing;
Tá nead ag cearca fraoigh
Is bláth buí ar bharr an aitinn.
Curfá:
Tar liom, a chailín, liom!
Agus siúlfaimid le chéile
Go bhfaighimid nead an éin
Sa ngleann ag bun an tsléibhe,
Tar liom, a chailín, liom.
Tógfad grianán duit,
Agus thart air, fál ’na sheasamh,
Agus cuirfidh mé ar a bharr
A bhfuil de bhláth ar bharr an aitinn.
Curfá
Dá n-imeodh mo ghrá bán
Thiocfadh ceann ’na háit ar maidin
Ó thaobh an ghleanna bháin,
Ón bhfraoch agus ón aiteann.
Curfá faoi dhó
