Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 1 - Rian 18: Cailleach an Airgid le Briocán Bairéad |
![]() |
Is as Ros Muc é Briocán Bairéad agus tá sé ag freastal ar an gcúrsa BA sa Chumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua. Bhí an-suim aige sna hamhráin agus sa cheol ó bhí sé óg agus thosaigh sé ag foghlaim amhrán ar an mbunscoil. Thagadh Neain Tom Teaimín chuig an scoil chun amhráin ar an sean-nós a mhúineadh. Sa bhliain 2008, fuair Briocán an chéad áit faoi 18 i bhFleá Cheoil na hÉireann; fuair sé an chéad áit sa chomórtas faoi 35 ag an Oireachtas, agus fuair sé an chéad áit arís ag Gradam Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe. Rinne sé beagán taistil thar tír amach freisin nuair a chuaigh sé ar thuras le Pléaráca go hOileán Leodhais mar amhránaí. |
Is ag Dara Bán Mac Donnchadha, beannacht Dé lena anam, a chuala Briocán an leagan seo den amhrán Cailleach an Airgid ar dtús.
Dá bhfeicfeá an
steam ag dul siar Tóin Uí Fhloinn,
Is na rothaí ag dul timpeall siar ó na ceathrúna;
Chaithfeadh sí an stiúir naoi n-uaire ar a cúl,
Is ní choinneodh sí siúl le cailleach an airgid.
Curfá
’Sí do mhamó í, ’sí do mhamó í,
’Sí do mhamó í, ’sí cailleach an airgid;
’Sí do mhamó í ó Bhaile Iorrais Mhóir í,
Is chuirfeadh sí cóistí ar bhóithre Chois Fharraige.
Meas tú an bpósfaidh, meas tú an bpósfaidh,
Meas tú an bpósfaidh cailleach an airgid?
Tá a fhios agamsa nach bpósfaidh, tá sé ró-óg di,
Tá sé ina réice is d’ólfadh sé an t-airgead!
Curfá
Is gairid go bpósfaidh, is gairid go bpósfaidh,
Is gairid go bpósfaidh beirt ar an mbaile seo;
Is gairid go bpósfaidh, is gairid go bpósfaidh
Seán Shéamais Mhóir is Máire Ní Chathasaigh
Curfá
Bhí mise aréir i mBealach an Chinn,
Is mo chuid eangacha sínte agam siar leis an bhfarraige;
Céad faraor géar dearnadh orm sléacht,
Tháinig na fíogaigh is rinneadar slad orm.
Curfá
Éirigh suas a Sheáin is beir ar do bhiorán,
Féach a ndeiseofá píosa den eangach seo;
Mar bhí sé i do dhream is nach bhfuil sé i do láimh,
Is nach maith an fear báid tú ar thalamh is ar fharraige.
Curfá
Nuair a bhí mo dheaideo ina leaidín beag óg,
Cheannaigh sé an eangach seo thoir i gCois Fharraige;
B’fhearr liomsa go mór mo dhá láimh a dhó,
Ná eangach Dheaideo a bheith caite cois balla agam.
Curfá
’Sí do mhamó í, ó gairm go deo í,
’Sí do mhamó í, ’sí cailleach an airgid;
’Sí do mhamó í ó Bhaile Iorrais Mhóir í,
Is d’íosfadh sí feoil Dé hAoine is Dé Sathairn
