Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 1 - Rian 19: The Titanic agus Fuaim Urmhumhan le Adrian Ó Brádaigh agus Freda Nic Giolla Chatháin |
![]() |
Adrian Ó Brádaigh
(An Fheadóg Stáin)
Tá Adrian le cloisteáil ar an dlúthdhiosca The Grouse in the Heather a taifeadadh ar son Chomhairle Contae Uíbh Fhailí agus atá ar fáil ag www.offaly.ie/. Chomh maith leis sin, casann sé ar an dlúthdhiosca The View Across the Valley, a seoladh in 2007 – tá eolas breise maidir leis an dlúthdhiosca sin ar fáil ag www.comhaltas.ie/. Casann sé an fheadóg stáin, an fheadóg mhór agus an pianó. |
Is múinteoir Gaeilge agus Tíreolaíochta é Adrian ach tá an MA (Léann an Aistriúcháin) ar bun aige faoi láthair san Acadamh ar an gCeathrú Rua.
Chum a athair an chéad ríl The Titanic agus is mór an cháil atá ar an bhfear a chum an dara ríl, Larkin’s 25th − Paddy O’Brien ó Thiobraid Árann. Casann sé an dá cheann acu ar an bhfeadóg stáin agus Freda Nic Giolla Catháin mar thionlacaí ar an gcruit aige.
Freda Nic Giolla Chatháin
(Cruit)
Rugadh agus tógadh Freda gar do Bhaile Átha Luain i gCo. na hIarmhí, ach tá cónaí uirthi i gCathair na Gaillimhe le cúpla bliain anuas. Thosaigh sí amach ar an bhfeadóg stáin agus ina dhiaidh sin d’fhreastail sí ar cheachtanna ar an bpianó. Níor thosaigh sí ar an gcláirseach go dtí go raibh sí ina déagóir. Bhain sí céim amach sa Nua-Ghaeilge agus sa Cheol i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus ba le linn na tréimhse sin a chuir sí consairtín ina láimh den chéad uair. Bhuaigh sí Craobh Uile-Éireann ar an gcláirseach ag Fleadh Cheoil na hÉireann i 1999 agus bhuaigh sí an comórtas sinsearach an bhliain chéanna ag Féile Uí Chearbhalláin i gCéideadh, Co. Ros Comáin.
Bhain sí iarchéim amach i Riarachán na nEalaíon in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus tá sí ag plé faoi láthair le MA (Léann an Aistriúcháin) in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Chaith sí cúpla bliain ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ar cheann de na cúraimí a bhí uirthi ansin bhí eagrú Thuras na bhFilí − camchuairt le filí, ceoltóirí agus amhránaithe na hÉireann agus na hAlban. Rinne sí tréimhse oiliúna san Ard-Stiúrthóireacht Oideachais agus Cultúir i gCoimisiún na hEorpa. Bhí sí ina hOifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle Contae Ros Comáin, áit a raibh sí freagrach as an nGaeilge agus na healaíona traidisiúnta a chur chun cinn sa chontae sin. Chaith sí seal ag obair mar oifigeach riaracháin i dTaibhdhearc na Gaillimhe.
Tá turais cheoil déanta ag Freda le Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus le grúpaí éagsúla eile. Tá turais déanta aici sna tíortha seo a leanas: Sasana, Albain, an Fhrainc, an Spáinn, an Bheilg, an Iodáil, an Phortaingéil, Poblacht na Seice, Meiriceá Thuaidh, Ceanada agus an Bhrasaíl. Chaith sí ocht mí ag seinm ceoil i dteach tábhairne Gaelach in Puerto Rico in Gran Canaria. Tá sí díreach tar éis turas ceoil a dhéanamh ar chósta thiar Mheiriceá le grúpa ceoltóirí ó Chathair na Gaillimhe − The Galway Ramblers. Sheinn siad ag an bhféile cheoil, Northwest Folklife Festival, agus ansin chuaigh siad ar camchuairt síos an cósta trí Oregon, California chomh fada le San Francisco. Seinneann sí go rialta ag seisiúin éagsúla cheoil timpeall Chathair na Gaillimhe agus ag féilte ceoil ar fud na tíre agus bíonn sí ag seinm ar an gcláirseach ag bainiseacha chomh maith. Tá tuilleadh eolais le fáil ag na seoltaí seo:
fredaharp
gmail.com;
www.galwayramblers.com/
