Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 1 - Rian 2: An tIolrach Mór le Bríd Ní Mhaoilchiaráin |
![]() |
As an Aird Thoir i gCarna do Bhríd, ceantar mór amhránaíochta ar an sean-nós ar ndóigh, agus bhí muintir Bhríd i gcroílár an traidisiúin seo. Chloiseadh sí amhráin bhreátha an cheantair ag a máthair Bairbre, agus ba fonnadóir den scoth é a seanathair Máirtín Éinniú agus ar ndóigh a deartháir Joe Éinniú, a bhain clú agus cáil amach ar fud an domhain lena chuid amhrán. Ní nach ionadh go bhfuil clú bainte amach ag Bríd féin mar shárfhonnadóir sean-nóis. Naoi mbliana d’aois a bhí sí nuair a thosaigh sí ag gabháil fhoinn go poiblí ag imeachtaí ar nós Féile Joe Éinniú agus Feis Charna, agus go deimhin thug sí léi Corn Joe Éinniú ar a céad iarracht an bhliain sin. Tá an-tacaíocht tugtha ag Bríd do chomórtais agus d’imeachtaí áitiúla mar iad ó shin i leith. |
Is iomaí comórtas atá buaite aici, Corn Tom Pháidín Tom agus comórtas amhránaíochta aonair na Féile Pan-Cheiltí ina measc. Sa bhliain 2002 bhuaigh sí Corn Uí Riada an Oireachtais. An bhliain dar gcionn ghlac Bríd páirt i bhféile ollmhór na gCeilteach sa mBriotáin, an Festival Interceltique de Lorient.
Múinteoir bunscoile í Bríd, agus múineann sí amhráin sa rang, ag tabhairt spreagadh don chéad ghlúin eile amhránaithe. Sa bhliain 2002 ceapadh Bríd mar chéad Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Le linn a tréimhse ansin d’eagraigh sí ceardlanna agus taispeántais ar champas na hOllscoile, in Áras Shorcha Ní Ghuairim i gCarna agus in áiteanna eile nach iad ar fud an chontae. Roinneann Bríd a ham agus a bua amhránaíochta go fial flaithiúil le linn imeachtaí in Áras Shorcha Ní Ghuairim, agus is minic í ag gabháil fhoinn agus ag léiriú seanchas na n-amhrán le hóg agus sean ar chúrsaí san Áras.
Canann Bríd ceithre amhrán ar an albam Cláirseach na hÉireann – The Harp of Ireland leis an gcláirseoir Siobhán Armstrong (Maya, 2004).
Amhrán é an tIolrach Mór a luaitear go minic le sárfhonnadóir eile ón gceantar thiar, Dara Bán Mac Donnchadha, beannacht Dé lena anam. Ní hionann go baileach leagan Bhríd den amhrán agus is breá mar a chasann sí é. Amhrán díoltais atá ann a bhfuil an-samhlaíocht ag baint leis, agus is léir gur duine é an tIolrach cibé cérbh é féin!
D’éirigh mé go feargach ar maidin moch Dé Domhnaigh,
Chuir mé orm mo chuid bróga is mé ag dul go Tír an Fhia;
Ag dul thrí Ghleann an Duine Mhairbh dhom ’sea casadh an tIolrach Mór dhom,
Is ba ghearr le dúchán móna é go gróigthe ina shuí.
Thug mé sraoill is strachaille air, mac amadáin is óinsí,
Cineál Bhriain ac Lóbais de phóir Chathail Bhuí,
“Sin agus mo sheacht mallacht dhuit gan rath bheith aríst go deo ort,
Mar is tú a thug an coileach óg uaim ba gleoite a ligfeadh glao.”
“Muise stop do bhéal ar ais agus ná maslaigh mé chomh mór sin,
Dar mo mhionna agus mo mhóide ní mise a d’ith an t-éan,
Mar níor mhór liomsa a mbeadh de bhrabach ort i dteach na holann dóite,
Mar is fear thú a bhíodh go fiúntach i gcónaí i dteach an óil.”
“Agus téirigh aríst abhaile agus fiafraigh de Nóra,
Cén t-ainm a bhí ar an óigbhean a bhí ag scóladh a chinn;
An chlúmhach a bhí ar a easnachaí, sa teallach a fuair mé dóite é,
Is d’itheadar i gcomhar é is dheamhan mórán a bhí buíoch.”
“Muise thug tú t’éitheach, a sclamhaire, níor itheadar i gcomhar é,
Ná rud ar bith den tsórt sin gan na comharsanaí a bheith buíoch,
Ach is tú fhéin a chroch leat é faoi do dhá sciathán mhóra,
Is ní chaithfear ráithe an Fhómhair nó go gcuirfidh mé ort dlí.”
“Nach bhfuil cuid de leabhar an tseanchais le n-inseacht agamsa fós dhuit,
Is nuair a chluinfeas tú na glórtha, beidh na deora leat síos,
Agus gheobhaidh tú amach sa seanchas gur mac leis an Dearg Mór mé,
Is más troid atá tú a thóraíocht, seas romham is ní bheir buíoch.”
Nár chuir sé a chulaith ghaisce air fhéin in arm is in éadach,
Agus an chlaíomh ba géire dá mb’fhéidir leis a fháil;
Bhí mise agus mo speal agam is dheamhan folach ach mo léine,
Nó gur throideamar a chéile go raibh sé deireanach ins an lá.
Nár ghearr le tinte ceatha a bhí na hairm a bhaint as a chéile,
Is ag dul faoi don ghréin ’sea b’éigean domsa a rá,
Go mba gheall le péire tairbh sinn ag fuirseadh sa ngleann sléibhe,
Agus dúshlán fear Éireann fáil amach cé againn ab fhearr.
Ach an dara dorn a tharraing mise bhuail mé ar chnámh a ghéill é,
Shín mé gan bhréag é is chuir mé meabhrán ina cheann;
’séard dúirt sé liom, “ná maraigh mé is molfaidh mé go haer thú
Agus cosnóidh tú clú Éireann gan bhuíochas ar ball.”
