Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 1 - Rian 20: Margaí Falsa le Domhnall Mac Síthigh |
![]() |
Chuir pobal léitheoireachta na Gaeilge aithne ar dtús ar Dhomhnall Mac Síthigh ó na dánta leis a bhíodh le léamh ó thráth go chéile in irisí éagsúla. Bhain a chuid filíochta duais amach ag Oireachtas na Gaeilge, 2006. Rugadh agus tógadh Domhnall Mac Síthigh i mBaile Eaglaise in Iarthar Dhuibhneach, Co. Chiarraí. D’fhreastail sé ar Scoil Náisiúnta Naomh Uinseann i mBaile an Fheirtéaraigh, ar Mheánscoil na mBráithre sa Daingean, agus ar Choláiste Bhréanainn i gCill Airne. Oileadh é ina mhúinteoir adhmadóireachta oideachasúil. Tá mórán turais fhada farraige curtha de ag Domhnall. Tá ardeolas aige ar fharraigí Chorca Dhuibhne agus na mBlascaodaí. |
Is file aitheanta é agus áirítear é mar shárchainteoir Gaeilge. Is é a bhuaigh an chéad duais i gcomórtas Dreas Cainte an Oireachtais sa Daingean in 2001. D’fhoilsigh Coiscéim a leabhar, Fan Inti, in 2003 – tuairisc bheoga eolgaiseach ar an naomhóg. Foilsíodh a chéad chnuasach filíochta, Súil Seilge, sa bhliain 2007. Dúradh faoi: “tuiscintí sinseartha nasctha le torthaí a dhomhainmhachnaimh mar aon le braistintí a shaoil i measc a mhuintire i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Tá léire ar leith ina léargas ar fhírinní loma an tsaoil sin, i gcóngar is i gcéin.”
Chum sé an buntéacs don leabhar Allagar na gCloch – Stone Chat a sholáthair sé i gcomhar le Dominique Lieb agus a d’fhoilsigh Púca Press in 2006.
Maireann sé féin agus a bhean chéile, Máire, lena dtriúr clainne – Cormac, Róisín agus Órla – ar an bhfód dúchais i mBaile Eaglaise, Iarthar Dhuibhneach, Co. Chiarraí.
Níor thuigeas riamh,
ní thuigim fós,
ní thuigfeadh choíche
ná ní theastaíonn uaim a thuiscint;
Footsie, Iseq Overall Index, Dow Jones,
sell off of equities, financial centres.
stocmhargadh, scarannaí, stocbhannaí,
margadh na hÉireann síos trí fén gcéad,
trádáil, margaíocht, díol agus ceannach
ar mhargaí falsa an domhain mhóir.
Conas a thuigfinn a leithéid
mar ní chím éinní á dhíol ná á cheannach
ach fuirse is fuadar is fotharaga
fé thaibhsí i gculaitheanna síoda.
Is deas é an tine agus rud le n-ithe.
N’fheadair cá bhfhuil Wall Street,
Hong Kong ná Singapore ach
tá fhios agam cá bhfhuil
Sliabh Bhaile an Chalaidh
Portach an Fhearainn, An Leacain,
Newcastle, Sheffield, Ford’s Dagenham
agus an Meánoirthear
mar is as na háiteanna san
a fuaireas agus a gheibhim
móin agus gual don dtine,
forc agus scian chun greim
a chur i mo bhéal,
díosail agus peitril chun fuinneamh
a ghiniúint i gcairteacha
a bheireann mé ó cheann ceann na tíre.
Is deas é an tine agus rud le n-ithe.
Cad is fiú dom eolas a chur ar Wall Street
mar níl le fáil ann práta síl ná scailiún inniún.
Chuireas eolas dom ainneoin ar Canary Warf
mar ar chuir buama diamhaireach an IRA
smidiríní uafáis ag rás trí aigne plánálta na dtaibhsí síodúla.
Is deas é an tine agus rud le n-ithe.
Cad chuige an deabhadh atá ar an Dow Jones?
Canathaobh go bhfhuil oiread éilimh
ar na margaí áiféiseacha seo mar
ní bhfaighir iontu greim bídh ná galún oíle
ach iad falsa fealltach scannrúil bréagach.
Samhlaítear dom go bhfuil an slua sí
i gcumhacht is ag imirt cleasa,
draíocht, cur i géill is cearbhachas
ar bhaothstoc damanta an tsaoil
ag bualadh poc ar imreas focal
ag creimeadh cladaigh is cóstaí
ag loscadh an aeir is na spéireach
is ag milleadóireacht ar phobal Dé.
Is deas é an tine agus rud le n-ithe.
Ná bacaimis le trádáil domhanda
ach fuinneadh de réir na mine,
comhar na gcomharsan,
pobail áitiúla agus meithealacha oibre.
Díol is ceannaigh is babhtáil de réir do mhéin
is tabhair leat abhaile mar a oirfidh duit.
Tá gach ní inár dtimpeall a thugann dúinn
oíche chodlata, sláinte, bolg lán,
tine, teas agus greim inár mbéalaibh.
Is deas é an tine agus rud le n-ithe.
