Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 1 - Rian 3: Pléaráca Dhraighnigh agus Port na Síog leCiarán Mac Fheidhlimidh agus Ciarán Ó Maonaigh |
Port dhá pháirt é Pléaráca Dhraighnigh a bhfuil leagan ceithre pháirt de ar fáil freisin. Tá sé sa bhailiúchán Ceol Rince na hÉireann II agus deir an t-údar, Breandán Breathnach, gur ó Shéamus Ennis a fuair sé é. Tá an leagan ceithre pháirt le fáil i mbailiúchán Uí Néill: Dance Music of Ireland. Tá sé luaite le Draighneach i gCo. Ros Comáin. Is ó cheol Mickey Doherty a fuair na ceoltóirí an dara port dar teideal Port na Síog.
.
Ciarán Mac Fheidhlimidh (An Phíb Uilleann)
Is as Leifear i gCo. Dhún na nGall do Chiarán Mac Fheidhlimidh. Chrom sé ar an fheadóg stáin a fhoghlaim nuair a bhí sé dhá bhliain déag d’aois. Tamall ina dhiaidh sin, thug sé faoin phíb uilleann a fhoghlaim le cuidiú ó cheoltóir áitiúil, Noel Divine. Is mór an tionchar a d’imir píobairí ar nós Séamus Ennis, Willie Clancy agus Robbie Hannon ar a chuid píobaireachta. Tá speis mhór aige sna stíleanna éagsúla fidléireachta atá sa tír. Anuas air seo, tá suim ar leith aige sa cheol bríomhar fliúite a bhí ag a leithéidí John McKenna, Tom Morrison agus Jack Dolan. Tá Ciarán ina chonaí i nGaeltacht Thír Chonaill le tamall maith de bhlianta, áit a ndearna sé an Dioplóma sna Dána (Scileanna Teilifíse) leis an Acadamh in 2003.
Ciarán Ó Maonaigh (An Fhidil)
Ní ón ghaoth a fuair Ciarán Ó Maonaigh bua an cheoil mar go bhfuil sé go láidir sa dá thaobh: aintín ar thaobh a athar í Mairéad Ní Mhaonaigh agus uncail ar thaobh a mháthar ba ea Frankie Kennedy agus, dar ndóigh, bhí a sheanathair, Francie Mooney, ar dhuine de na fidléirí ab aitheanta sa tír. Bhí tionchar acu ar fad air, chomh maith le Dermot McLaughlin agus, ar ndóigh, John Doherty agus é ag éirí aníos i nGaoth Dobhair.
Tá craobh fidléireachta an Oireachtais buaite trí huaire ag Ciarán agus in 2003 bhronn TG4 gradam Cheoltóir Óg na Bliana air. Bliain ina dhiaidh sin, d’eisigh sé a chéad albam aonair dar teideal Ceol a’ Ghleanna ar lipéad Claddagh. Tá obair léiriúcháin déanta chomh maith aige do RTÉ agus TG4.
In 2008, d’eisigh sé féin agus fidléir óg eile ó Dhún na nGall, Aidan O’Donnell, an dlúthdhiosca Fidil. Fidil is teideal don ghrúpa ina bhfuil sé faoi láthair in éineacht le Aidan agus Damien McGeehan agus tá súil acu a ndlúthdhiosca nua a eisiúint roimh dheireadh na bliana seo.
Rinne Ciarán an cúrsa Dioplóma sna Dána (Scileanna Teilifíse) in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair in 2003.
