Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 1 - Rian 4: Árainn le Fóidin Meara |
Tá aithne mórthimpeall Chonamara agus, go deimhin, níos faide ó bhaile ar an ngrúpa Fóidín Mara. Beirt deartháireacha ó Chor na Rón, Indreabhán ach de bhunadh Inis Bearchain, Patrick agus Tommy Ó Conghaile, a bhunaigh an grúpa. Cumann siad ceol agus amhráin agus eatarthu casann siad an giotár, na drumaí, an méarchlár agus an cairdín. Chuir lucht féachana leathan aithne orthu sa bhliain 2005 nuair a bhuaigh siad an comórtas ceol tíre Glór Tíre ar TG4. Is iomaí taifead atá déanta ó shin acu − amhrán don scannán Gaeilge Kings san áireamh. Tá suim thar meon ag an mbeirt deartháireacha sna báid agus cúrsaí bádóireachta agus go deimhin tá cúpla bád mór déanta acu a shnámh ar fharraigí Chonamara.
Rinne Patrick agus Tommy an Cúrsa i Scileanna Fáiltithe agus Oifige in Áras Mháirtín Uí Chadhain i 1997-98.
Is amhrán é seo a chum Sarah Ní Fhlatharta ó Árainn faoin oileán cáiliúil sin. Tá ceol curtha leis ag Pádhraic Ó Conghaile. A dheartháir agus a leathbhádóir sa ghrúpa, Tomás, atá ag comhcheol agus is é atá ar an dordghiotár, an méarchlár agus na drumaí chomh maith le Mick Moylette ar an ngiotár.
Mick Moylette, Patrick & Tomás Connolly
Amuigh i gCuan na Gaillimhe faoi scamall gorm
glas ón spéir,
Tá oileán aoibhinn álainn ag lonradh faoin ngréin.
Bíonn íseal agus uasal ag teacht ann ar cuairt gach lá,
Ag féachaint ar na hiontaisí is ag titim linn i ngrá.
Seo dhuit mo chomhairle anois, buail do mhála ar do dhroim,
Tóg an bád go hÁrainn amuigh ansiúd i Ros an Mhíl.
Bain lán do shúl as na radharcanna is ná titeadh ort aon néal;
Mar tá áilleacht mhór le feiceáil agat sul má bhuaileann tú le céibh.
Curfá
Ó oileáinín beag mara ar nós carraig lom ina suí
Ó oileáinín beag mara a chuirfeadh ríméad ar do chroí.
Tá an mapa i do láimh agat is níl baol go ngabhfadh tú amú.
Tabhair d’aghaidh ar an Dún Aengus an áit a bhfuil air cáil is clú,
Na teampaill is na clochair is na pabhsae fiáine ag fás,
Na rónta sna cuanta, na tránna geala bán(a).
A stór, ná cuimhnigh imeacht uaim, níor éirigh an ghealach fós,
Mar sin é an uair is fearr muid, céard faoin spraoi is an spórt?
Comhluadar deas macánta a fhágann tú faoi chineál draíocht,
Is níl aon leigheas i ndán dhuit nó go bhfillfidh tú arís.
Curfá
Ó oileáinín beag mara ar nós carraig lom ina suí
Ó oileáinín beag mara a chuirfeadh ríméad ar do chroí. (x 3)
