Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 1 - Rian 5: Ríleanna: Cailíní Chnoc Cisco agus Buachaillí Bhaile Easa Dara - Brian Terry Mac Donncha agus PJ Sonny Choilm Learaí le Charlie Lennon |
Beirt a rinne an Dioplóma sna Dána (Cóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta) − Brian Terry Mac Donncha (an fheadóg mhór) agus PJ Sonny Choilm Learaí Ó Confhaola (cairdín) − atá le cloisteáil ar an rian seo agus á dtionlacan ar an bpianó tá Stiúrthóir Ceoil an Chúrsa, an Dr. Charlie Lennon. Luaite leis an bhfidléir as Sligeach, Paddy Killoran, atá an chéad ríl. Rinne sé taifeadadh air i Nua-Eabhrac sa bhliain 1937 agus d’fhoilsigh Jerry O’Brien é i mBostún i dtús na gcaogaidí. Tá Mount Kisco i dtuaisceart Stát Nua-Eabhrac. Is ríl é Buachaillí Bhaile Easa Dara atá luaite go láidir le stíl Shligigh agus Liatroma. Tugtar Miss Roddy’s air freisin.
![]() |
Brian Mac Donncha Fuinneadh agus fáisceadh Brian Terry Mac Donncha i mBarr Roisín i Ros an Mhíl. Tá féith an cheoil ann ó dhúchas agus chaith sé laethanta a óige a éisteacht lena dheaide, an boscadóir agus an t-amhránaí breá, Antaine Pheaitín Terry. Cá bhfágfadh sé é! Casann Brian an fheadóg mhór, an fheadóg stáin agus an méarchlár agus is an-amhránaí é freisin. Is ball é den ghrúpa ceoil Cillín agus bíonn sé féin agus a leathbhádóir, Máirtín Ó Gríofa, le cloisteáil go rialta sna tithe ósta thart timpeall Chonamara. Cé go bhfuil suim aige i ngach cineál ceoil, is sa cheol traidisúnta agus sa sean-nós atá a chroí. Bhain sé an-sásamh go deo as chuile ghné den Dioplóma sna Dána (Cóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta), agus spreag an cúrsa é le coinneáil leis an gceol agus gach a mbaineann leis |
![]() |
PJ Ó Confhaola Is as an gCora Bhuí, Leitir Mealláin, do Phádraic Ó Confhaola, nó PJ Sonny mar is fearr aithne air. Is ceoltóir ó dhúchas é agus sheol sé a chéad dlúthdhiosca in 2007: PJ Connolly − Ar na Boscaí Ceoil. Is ar leic an teallaigh a thug sé an ceol leis agus is fear é a thugann cluas don saol atá ina thimpeall agus a bhaineann spraoi agus taitneamh as. Is ball é den bhanna ceoil Ceann Gólaim i dteannta a dhearthár, Michael, agus casann siad go rialta sna tithe ósta thart timpeall Chonamara. Bhain sé an-taitneamh agus spraoi as an Dioplóma sna Dána (Cóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta) agus tá tuiscint i bhfad níos fearr anois aige ar shaol an cheoltóra agus ar na healaíontóirí traidisiúnta |
|
Charlie Lennon
Rugadh an cumadóir agus an ceoltóir, Charlie Lennon, i gCoillte Clochair, Co. Liatroma − ceann de na toibreacha ceoil thraidisiúnta is saibhre sa tír. Thosaigh sé ag foghlaim an phianó agus na fidile nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois agus ina dhiaidh sin rinne sé staidéar ar an veidhlín clasaiceach agus ar armóiní snagcheoil. Chaith sé cuid dá shaol i Sasana, áit ar bhain sé céim dhochtúireachta amach san fhisic núicléach in Ollscoil Learphoill. Bhí sé ina bhall de bhanna céilí iomráiteach The Liverpool Céilí Band, a bhuaigh Craobh na hÉireann faoi dhó agus é ag casadh leo. Is iomaí ceoltóir a ndearna sé taifead leo: Joe Burke, Séamus Connolly, Matt Molloy, Seán Johnny agus Johnny Óg Connolly agus mórán eile nach iad. |
|
Is cumadóir aitheanta freisin é agus tá saothair cheoil dá chuid taifeadta ag an iliomad ceoltóirí. Bhronn TG4 ’Cumadóir na Bliana’ air in 2004. Foilsíodh leabhar agus dlúthdhiosca leis dar teideal Musical Memories agus i measc na dtaifeadtaí eile atá déanta aige tá: The Emigrant Suite, Deora agus Deoraí (Gael Linn); Island Wedding – Bainis Oileáin (RTE); The Dance of the Honey Bees (Gael Linn); Flight from the Hungry Land (Worldmusic); Aifreann Chaomháin (Worldmusic); Dusk ’Till Dawn (Worldmusic). Tá clár dá chuid, Waves, le fáil fós ó RTÉ.
I 1998, bhog sé féin agus a bhean, an t-amhránaí sean-nóis Síle Tim Ní Fhlatharta, siar chun an Spidéil − ceantar dúchais Shíle. Is ann a bhunaigh sé Stiúideo Cuan, atá ar cheann de na háiseanna is nua-aimseartha agus is feistithe atá ar fáil do cheoltóirí an Iarthair.
Tá Charlie Lennon ar dhuine de na ceoltóirí is aithnidiúla i saol an cheoil Ghaelaigh in Éirinn agus thar sáile agus, ar ndóigh, tá cáil ar a dheartháir Ben Lennon, a nia, Maurice Lennon, agus ar a chlann cheolmhar féin, Éilís, Seán agus Dónal.
Oibríonn an Dr Charlie Lennon agus a iníon, Éilís, i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge mar stiúrthóirí ar an Dioplóma sna Dána (Cóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta).
