Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 1 - Rian 6: S Ambó Éara le Áine Ní Dhroighneáin |
![]() |
Is as Baile an tSléibhe sa Spidéal í Áine Ní Dhroighneáin agus tá sí ag amhránaíocht ó bhí sí ina cailín beag. Thosaigh sí ranganna sean-nóis leis an nGaelacadamh agus í ocht mbliana d’aois agus bhuaigh sí an Corn Faoi 18 ag an Oireachtas nuair a bhí sí cúig bliana déag. Fuair sí an dara háit i gCorn Mháire Mhic Dhonnchadha agus i bhFéile na Mí sa bhliain 2002. Bhí tionchar ag lear mór amhránaithe sean-nóis ar Áine, ina measc Patsy Ó Ceannabháin, Máire Phíotair Uí Dhroighneáin, Pat Phádraig Tom Ó Conghaile agus Johnny Mháirtín Learaí. Bhí sí ag gabháil fhoinn do Mary Robinson, nuair a thug sí cuairt ar an Spidéal le linn a hUachtaránachta di, agus chas sí ag an bhFéile Cheilteach in Lorient faoi dhó. Bhí sí le cloisteáil ar chláir ar TG4 − cláir mar Abair Amhrán agus clár faisnéise faoin Dr Eithne Mhic Aoidh, Dochtúir na nDaoine. Is aisteoir lánaimseartha í agus is í a dhéanann páirt an dlíodóra, Tara, ar an sobalchlár Gaeilge, Ros na Rún. |
Is amhrán cleamhnais é S Ambó Éara a d’fhoghlaim sí ó Johnny Mháirtín Learaí. Tá sé simplí, suaimhneach mar amhrán. Is ceann é nach gcloistear rómhinic, agus taitníonn sé léi mar go bhfuil sé sách gearr!
S Ambó Éara, uilleabó Éara
Gabh siar is gabh aniar agus faigh domsa céile
S Ambó Éara, uilleabó Éara
S Ambó Éara, uilleabó Éara
Máirtín Ó Lopáin do dhóthain de chéile
S Ambó Éara, uilleabó Éara
S Ambó Éara, uilleabó Éara
Ní bhainfidh bun iongan ná barra mo mhéir’ leis!
S Ambó Éara, uilleabó Éara
S Ambó Éara, uilleabó Éara
Gabh siar is gabh aniar agus faigh domsa céile
S Ambó Éara, uilleabó Éara
S Ambó Éara, uilleabó Éara
Pádraig Pheait Mhurcha do dhóthain de chéile
S Ambó Éara, uilleabó Éara
S Ambó Éara, uilleabó Éara
Léinteoigín scartha ar sceacha na hÉireann
S Ambó Éara, uilleabó Éara
S Ambó Éara, uilleabó Éara
Gabh siar is gabh aniar agus faigh domsa céile
S Ambó Éara, uilleabó Éara
S Ambó Éara, uilleabó Éara
Tomáisín Chite bheas agamsa mar chéile
S Ambó Éara, uilleabó Éara
S Ambó Éara, uilleabó Éara
Fuip óir ina láimh ’s é ina mháistir ar Éirinn
S Ambó Éara, uilleabó Éara
