Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 1 - Rian 7: Caoineadh Nain - Johnny Óg Connolly le Charlie Lennon |
![]() |
Is as Cor na Rón, Indreabhán, Co. na Gaillimhe don bhoscadóir cumasach, Johnny Óg Connolly. Is óna athair, Johnny Connolly, agus a chomharsa, Micheal C. Ó Coisdealbha, a d’fhoghlaim sé a chuid ceoil. Is iomaí duais atá buaite aige: tháinig sé sa chéad áit sa chomórtas faoi 12 ag Fleadh Cheoil na hÉireann agus bronnadh bonn náisiúnta air i gcomórtas Slógadh. Chaith sé ocht mbliana ina bhall den ghrúpa Na hAncairí in éindí le John Beag Ó Flatharta agus chaith sé seal ag casadh le banna ceoil Sheáin Keane. Thaistil sé ar fud na hEorpa, Mheiriceá, na hAstráile agus na Nua-Shéalainne. D’eisigh sé a chéad dlúthdhiosca, Dreaming Up The Tunes, i gcomhar le Brian McGrath ar lipéad Chló Iar-Chonnachta sa bhliain 1998 agus in 2003 d’eisigh sé féin agus a dhlúthchara agus comrádaí ceoil, Charlie Lennon, an dlúthdhiosca Dusk till Dawn. Tá sé i mbun oibre faoi láthair ar shaothar nua ceoil. |
Tá Johnny Óg ag déanamh an chúrsa MA (Teagasc Teangacha: An Ghaeilge) le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge faoi láthair.
Is i gcuimhne ar a aintín agus a mháthair bhaistí, Nain Uí Dhubháin, a chum Johnny Óg Connolly an fonn mall álainn seo. Tá Subhóró an-bhuíoch de as ucht an píosa nuachumtha seo a thaifeadadh dúinn den chéad uair.
|
Charlie Lennon
Rugadh an cumadóir agus an ceoltóir, Charlie Lennon, i gCoillte Clochair, Co. Liatroma − ceann de na toibreacha ceoil thraidisiúnta is saibhre sa tír. Thosaigh sé ag foghlaim an phianó agus na fidile nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois agus ina dhiaidh sin rinne sé staidéar ar an veidhlín clasaiceach agus ar armóiní snagcheoil. Chaith sé cuid dá shaol i Sasana, áit ar bhain sé céim dhochtúireachta amach san fhisic núicléach in Ollscoil Learphoill. Bhí sé ina bhall de bhanna céilí iomráiteach The Liverpool Céilí Band, a bhuaigh Craobh na hÉireann faoi dhó agus é ag casadh leo. Is iomaí ceoltóir a ndearna sé taifead leo: Joe Burke, Séamus Connolly, Matt Molloy, Seán Johnny agus Johnny Óg Connolly agus mórán eile nach iad. |
|
Is cumadóir aitheanta freisin é agus tá saothair cheoil dá chuid taifeadta ag an iliomad ceoltóirí. Bhronn TG4 ’Cumadóir na Bliana’ air in 2004. Foilsíodh leabhar agus dlúthdhiosca leis dar teideal Musical Memories agus i measc na dtaifeadtaí eile atá déanta aige tá: The Emigrant Suite, Deora agus Deoraí (Gael Linn); Island Wedding – Bainis Oileáin (RTE); The Dance of the Honey Bees (Gael Linn); Flight from the Hungry Land (Worldmusic); Aifreann Chaomháin (Worldmusic); Dusk ’Till Dawn (Worldmusic). Tá clár dá chuid, Waves, le fáil fós ó RTÉ.
I 1998, bhog sé féin agus a bhean, an t-amhránaí sean-nóis Síle Tim Ní Fhlatharta, siar chun an Spidéil − ceantar dúchais Shíle. Is ann a bhunaigh sé Stiúideo Cuan, atá ar cheann de na háiseanna is nua-aimseartha agus is feistithe atá ar fáil do cheoltóirí an Iarthair.
Tá Charlie Lennon ar dhuine de na ceoltóirí is aithnidiúla i saol an cheoil Ghaelaigh in Éirinn agus thar sáile agus, ar ndóigh, tá cáil ar a dheartháir Ben Lennon, a nia, Maurice Lennon, agus ar a chlann cheolmhar féin, Éilís, Seán agus Dónal.
Oibríonn an Dr Charlie Lennon agus a iníon, Éilís, i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge mar stiúrthóirí ar an Dioplóma sna Dána (Cóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta).
