Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 1 - Rian 8: Johnny Seoige le Mícheál Ó Cuaig |
![]() |
Is as Aill na Brún i gCill Chiaráin do Mhicheál Ó Cuaig. Bhí traidisiún saibhir na hamhránaíochta ina thimpeall agus é ag fás agus cuimhníonn Micheál gur múineadh amhráin sean-nóis dá rang agus é sa bhunscoil ina cheantar dúchais, rud a bhí neamhghnách go maith ag an am. Seans go ndeachaigh sin i bhfeidhm ar Mhicheál mar gur thug sé ranganna ar an gceird úd le linn a thréimhse mar phríomhoide ar Scoil Naomh Ciarán, agus go deimhin múineann sé ceardlanna sean-nóis go rialta fós. Bhí an obair fhiúntach seo go mór chun tosaigh le linn a thréimhse mar Amhránaí Cónaitheach in Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, sna blianta 2007-08. |
Ar ndóigh tá ómós mór tuillte ag Micheál as a ról i mbunú Féile Joe Éinniú, agus na blianta atá caite aige ag eagrú na Féile seo. Deir Micheál go raibh tionchar mór ag Joe Éinniú air ón uair a tháinig na chéad cheirníní le Joe amach ar lipéad Ghael-Linn. Nuair a bhásaigh Joe sa bhliain 1984, bheartaigh Micheál ócáid chuimhneacháin agus cheiliúrtha a bhunú in ómós dó, agus bunaíodh an fhéile sa mbliain 1986. Bhí roinnt blianta caite ag Joe Éinniú i ndeireadh a shaoil ag teagasc in Ollscoil Washington i Seattle i Meiriceá, agus bailiúchán saibhir dá chuid oibre cruinnithe thall. D’éirigh le Micheál cóip den bhailiúchán luachmhar seo a fháil ó chartlann Ollscoil Washington agus bhronn sé é ar Áras Shorcha Ní Ghuairim i gCarna sa mbliain 2003.
Is minic Mícheál ag stiúradh ceardlanna agus seisiúin amhránaíochta agus damhsa ar an sean-nós in Áras Shorcha Ní Ghuairim le linn do mhic léinn ón iasacht agus ó Ollscoileanna eile in Éirinn a bheith ag staidéar an léinn thraidisiúnta i gCarna.
Chomh maith lena bhua amhránaíochta, is file cumasach é Micheál agus tá dhá chnuasach filíochta, a fuair ardmholdh, scríofa aige. Is iad sin ’ Uchtóga’ a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta sa bhliain 1985 agus ’ Clocha Reatha’ (Clo Iar-Chonnachta, 1986). Aithrisíonn Micheál a chuid filíochta go poiblí ó am go ham, léiriú eile ar an tábhacht mhór a chuireann sé ar pháirteachas an phobail i gcineálacha éagsúla ealaíne.
Bíonn an fear ildánach seo páirteach sa drámaíocht chomh maith. Chóirigh sé leagan Gaeilge de script an dráma ’Namhaid Don Phobal’ leis an drámadóir Ibsen don Taibhdhearc, agus thuill an léiriú cumhachtach seo an-cháil.
Tá Micheál le cloisteáil ag casadh Johnny Seoige ar an dlúthdhiosca, amhrán álainn domhain brónach a bhfuil dlúthbhaint aige le haimsir an drochshaoil sa cheantar..
Ó ’s a Johnny Seoige tuig mo ghlórtha
Is mé teacht le dóchas fá do dhéin.
Is gur tú an réalt eolais is breátha lóchrann
Ós mo chomhair ag teampall Dé.
Is tú bláth na hóige is binne glórtha
Dár leag mo shúil air ó rugadh mé,
Agus as ucht Chríost tabhair dom
relief
Nó go gcaitear Oíche Nollag fhéin.
Agus lá arna mhárach sea fuair mé an páipéar
Is nach mé a bhí sásta is mé gabháil chun siúil.
Ach ní bhfuair mé freagra ar bith an lá sin
Ach mo bhean’s mo pháiste is iad amuigh faoin drúcht.
Tá mé brúite, dóite, sciúrtha feannta
Liobraithe, gearrtha le neart an tsiúil,
Is a
Mhister Joyce tá an
workhouse lán
Is ní ghlacfar ann isteach níos mó.
Is nach mór an chliú do bhaile Charna
An fhad’s tá an lánúin seo ag gabháil thríd.
Is gur deise’s áille scéimh na mná
Ná an
morning star nuair a shoilsíonn sí.
Tá an bhanríon tinn is í lag ina luí,
Is deir dochtúirí go bhfaighidh sí bás
Is gurb é fios an údair de réir mar deir siad liomsa,
Nuair nach bhfuil sí pósta le
Mister Joyce.
