Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 1 - Rian 9: Plancstaí: Katie, Katie, Cara Mo Chroí le Éilís Lennon (veidhlín), Charlie Lennon (painó) agus Steve Cooney (giotáir) |
Chum an Dr Charlie Lennon an plancstaí álainn seo go speisialta don dlúthdhiosca seo. Is mór ag Subhóró a fhlaithiúlacht agus is cúis bhróid againn í. Tiomnaíonn sé an píosa ceoil seo dá ghariníon, Katie Ní Neachtain, a rugadh in earrach na bliana 2009. Is í máthair Katie, Éilís Lennon, atá ag casadh an veidhlín, Charlie é féin atá ar an bpianó agus dlúthchara dá gcuid, Steve Cooney, atá ag coinneáil ceoil leo ar na giotáir.
![]() |
Eilís Lennon Is de mhuintir fhíorcheolmhar í Éilís Lennon. Is amhránaí cáiliúil ar an sean-nós í a máthair, Síle Ní Fhlatharta, agus is é a hathair, Charlie, a mhúscail a spéis sa veidhlín agus sa cheol clasaiceach. Is sa Choláiste Ceoil i mBaile Átha Cliath a fuair sí a cuid oiliúint chlasaiceach agus chaith sí tréimhse le Ceolfhoireann Náisiúnta na nÓg. Chas sí mar veidhleadóir aonair le Ceolfhoireann Choirme RTÉ agus le ceolfhoirne éagsúla ar fud an domhain m.sh. san Astráil, i Meiriceá agus i Sasana. Ritheann sí Stiúideo Cuan in éineacht lena hathair, Charlie Lennon. Is léachtóir í Éilís ar an Dioplóma sna Dána (Cóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta). |
![]() |
Steve Cooney Tá ainm an tsárghiotáraí, Steve Cooney, in airde ón uair a cheannaigh an tAstrálach ticéad eitleáin go hÉirinn sa bhliain 1981. Thosaigh Steve ag obair mar cheoltóir gairmiúil agus gan é ach seacht mbliana déag d’aois, ag casadh ceoil i Meiriceá ar dtús agus ansin sa bhaile san Astráil. Nuair a tháinig sé chun na tíre seo, chaith sé cúpla mí ag casadh ceoil ar na sráideanna agus ag gabháil do jabanna éagsúla go dtí gur thosaigh sé ag casadh an doird le Stockton’s Wing. D’fhan sé leo ar feadh cúpla bliain agus ó shin i leith tá sé ag coinneáil ceoil le cuid de na ceoltóirí is fearr sa tír: Dónal Lunny, Sinéad O’Connor, Paul Brady, Sharon Shannon, Dermot Byrne, Altan, Martin Hayes, Seamus Begley, Tony Mac Mahon agus tuilleadh nach iad. Tá bua ar leith ag Steve Cooney ar an ngiotár agus tuiscint dhomhain aige ar cheol agus amhránaíocht na hÉireann, rud a fhágann go mbíonn an-éileamh air mar léiritheoir, ceoltóir agus tionlacaí. Is iad sin na fáthanna a bhfuil sé le cloisteáil ar na céadta albam. |
|
Charlie Lennon
Rugadh an cumadóir agus an ceoltóir, Charlie Lennon, i gCoillte Clochair, Co. Liatroma − ceann de na toibreacha ceoil thraidisiúnta is saibhre sa tír. Thosaigh sé ag foghlaim an phianó agus na fidile nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois agus ina dhiaidh sin rinne sé staidéar ar an veidhlín clasaiceach agus ar armóiní snagcheoil. Chaith sé cuid dá shaol i Sasana, áit ar bhain sé céim dhochtúireachta amach san fhisic núicléach in Ollscoil Learphoill. Bhí sé ina bhall de bhanna céilí iomráiteach The Liverpool Céilí Band, a bhuaigh Craobh na hÉireann faoi dhó agus é ag casadh leo. Is iomaí ceoltóir a ndearna sé taifead leo: Joe Burke, Séamus Connolly, Matt Molloy, Seán Johnny agus Johnny Óg Connolly agus mórán eile nach iad. |
|
Is cumadóir aitheanta freisin é agus tá saothair cheoil dá chuid taifeadta ag an iliomad ceoltóirí. Bhronn TG4 ’Cumadóir na Bliana’ air in 2004. Foilsíodh leabhar agus dlúthdhiosca leis dar teideal Musical Memories agus i measc na dtaifeadtaí eile atá déanta aige tá: The Emigrant Suite, Deora agus Deoraí (Gael Linn); Island Wedding – Bainis Oileáin (RTE); The Dance of the Honey Bees (Gael Linn); Flight from the Hungry Land (Worldmusic); Aifreann Chaomháin (Worldmusic); Dusk ’Till Dawn (Worldmusic). Tá clár dá chuid, Waves, le fáil fós ó RTÉ.
I 1998, bhog sé féin agus a bhean, an t-amhránaí sean-nóis Síle Tim Ní Fhlatharta, siar chun an Spidéil − ceantar dúchais Shíle. Is ann a bhunaigh sé Stiúideo Cuan, atá ar cheann de na háiseanna is nua-aimseartha agus is feistithe atá ar fáil do cheoltóirí an Iarthair.
Tá Charlie Lennon ar dhuine de na ceoltóirí is aithnidiúla i saol an cheoil Ghaelaigh in Éirinn agus thar sáile agus, ar ndóigh, tá cáil ar a dheartháir Ben Lennon, a nia, Maurice Lennon, agus ar a chlann cheolmhar féin, Éilís, Seán agus Dónal.
Oibríonn an Dr Charlie Lennon agus a iníon, Éilís, i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge mar stiúrthóirí ar an Dioplóma sna Dána (Cóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta).
